Dáta: an 7 Nollaig 2014
Am: 1-4pm
Ionad: Institiúid Scannán na hÉireann, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2
Ba mhaith linn a chur i gcuimhne duit faoi shárimeacht don Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh an 7 Nollaig in Institiúid Scannán na hÉireann i mBarra an Teampaill ina ndéanfaimid ceiliúradh ar scoth na scríbhneoireachta ficsin Éireannaigh. Níl ach fíorbheag spásanna ar fáil agus, mar sin, cuir áit in áirithe láithreach más mian leat a bheith i láthair!
Sin an chéad imeacht i sraith mhór imeachtaí poiblí saor in aisce a bheidh ar siúl idir seo agus 2018 ina mbeidh deis ag an bpobal mór a bheith páirteach i bhficsean Éireannach. San áireamh sa chlár tá Clare Barrett, Adrian Crowley, Olwen Fouéré, Bronagh Gallagher, Owen Roe, SeánMac Erlaine,Caoimhín Ó Raghallaigh agus scannán le Pat Collins.
Bronnfaidh an Chomhairle Ealaíon an Laureate i gcomhair ficsean Éireannach ar scríbhneoir Éireannach a bhfuil ardghradam náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach aige nó aici. Bainfear leas as an ngradam chun litríocht Éireannach a chur chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus chun an pobal a spreagadh le suim a chur i bhficsean Éireannach ardchaighdeáin. Rinne an Chomhairle Ealaíon forbairt ar an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach agus tá tacaíocht á fáil ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD),Ollscoil Nua-Eabhrac (NYU) agus The Irish Times. Mairfidh tréimhse an Laureate ar feadh trí bliana (2015-2018). Le linn na tréimhse sin, múinfidh sé nó sí an scríbhneoireacht chruthaitheach do mhic léinn sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus in Ollscoil Nua-Eabhrac, caithfidh sé nó sí am ag déanamh forbartha ar a c(h)uid saothair féin agus glacfaidh sé nó sí páirt i roinnt mórimeachtaí poiblí agus promóisean.
Taispeánfaidh an Chomhairle Ealaíon an scannán, John McGahern: Private World, de chuid Pat Collins. Ina dhiaidh sin, léifidh na haisteoirí Clare Barrett, Adrian Crowley, Bronagh Gallagher, Owen Roe agus Olwen Fouéré gearrscéalta ó shaothar Maeve Brennan, Mary Lavin, Frank O’Connor, Sheáin Uí Fhaoláin agus Liam O’Flaherty. Freagróidh na ceoltóirí Seán Mac Erlaine agus Caoimhín Ó Raghallaigh don téacs. Beidh sólaistí ar fáil.
Beidh an t-imeacht seo saor in aisce don phobal mór ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce. Ní féidir ach dhá áirithint a dhéanamh in aghaidh an duine.
Is féidir áirithintí a dhéanamh ach ríomhphost a chur chuig laureate.irishfiction@artscouncil.ie nó trí ghlaoch a chur ar Jen Coppinger ar 01 6180200 chun áit a chur in áirithe.
Níl ach méid áirithe spásanna ar fáil agus, mar sin, cuir áit in áirithe go luath ionas go bhfaighidh tú ticéad don imeacht cinnte.