Spriocdháta don Dámhachtain Authored Works 2019
Is é cuspóir Authored Works saoirse chruthaitheach agus eagarthóireachta a thabhairt d’ealaíontóirí scannán chun saothar scannáin chultúrtha a dhéanamh ó dhearcadh láidir ealaíonta. Tacófar le scannán amháin in 2019. Cuirfear ciste iomlán €200,000 ar fáil don iarrthóir a n-éiríonn leis (ar a n-áireofar buiséad léirithe €185,000 agus tacaíocht taispeántais bhreise €15,000). Ní chuirfear san áireamh ach scannáin is féidir a dhéanamh laistigh den bhuiséad seo. Caithfear an scannán a chríochnú lena thaispeáint den chéad uair ar dháta a aontófar in 2021.
Caithfear iarratais ar Authored Works a dhéanamh go díreach chuig an gComhairle Ealaíon roimh 17:30 Déardaoin, 15 Lúnasa 2019. Foilseofar treoirlínte agus sonraí iomlána an phróisis iarratais i mí Iúil 2019.
|