Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon fáilte a chur roimh Katy Fitzpatrick mar Chomhairleoir - Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas
 |
Tá Katy Fitzpatrick ag oibriú in oideachas ealaíon le 15 bliana anuas agus in oideachas dánlainne go háirithe. Bhí poist aici san Acadamh Ibeirneach Ríoga, Temple Bar Gallery & Studios, Dánlann Tate i Londain, Dánlann Bhaile Átha Cliath, an Hugh Lane agus Áras Nua-ealaíne na hÉireann. Bhí sí ina Comhairleoir Gníomhach d’fhoireann Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas na Comhairle Ealaíon roimhe seo agus comhthoghadh í ar Mheithle Forbartha d’Ealaín, Ceardaíocht, Dearadh na Sraithe Sóisearaí agus Forbairt Ealaíne don tSraith Shinsearach de chuid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta thar ceann na Comhairle Ealaíon. Bhí sí ina léachtóir freisin in Institiúid Oideachais Marino agus ina teagascóir ar an gclár don Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas in Ollscoil Mhá Nuad. Is iad a príomhréimsí spéise cleachtais ealaíon ildisciplíneach, comhoibríoch agus rannpháirteach agus tá raon leathan taithí aici ar chlárú for-rochtana agus pobalbhunaithe i ndánlanna. Cruthaigh sí neart clár, imeachtaí agus taispeántas agus tá spéis ar leith aici i rannpháirtíocht teaghlaigh agus leanaí leis an ealaín chomhaimseartha.
 |
|