Tá an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach mórtasach The Reader’s Voice a chur i láthair, sraith agallamh le húdair ar fud na tíre, a dhéanfaidh ceiliúradh ar an léitheoir, na leabharlanna áitiúla agus scríbhneoireacht den scoth in Éirinn. Cuirfidh an chéad duine a ceapadh mar Laureate na hÉireann, Anne Enright, agallamh ar sheisear scríbhneoirí i sé ionad éagsúla a bhaineann leis an leabharlann thar mhíonna Feabhra, an Mhárta agus Aibreáin. Beag beann ar thíreolaíocht, táimid ag spreagadh léitheoirí ar fud na tíre a bheith rannpháirteach leis an tsraith, na leabhair a léamh agus a bheith rannpháirteach ar líne chun féachaint ar na himeachtaí i leabharlanna ar fud na tíre.
Agus í ag labhairt faoin tsraith, dúirt Anne Enright, an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach: “Tá an lucht léitheoireachta Éireannach ar an bpobal léitheoireachta is dílse – agus is ciúine – dá bhfuil ann i measc an phobail Béarla. Ceiliúradh ar chlubanna leabhar agus ar leabharlanna atá in The Readers’ Voice, bealach chun rud a thabhairt ar ais don lucht léitheoireachta a bhfuil an traidisiún Éireannach á chothú acu le fada an lá.
Ní thugtar aon ráiteas mór anseo faoi staid na litríochta Éireannaí. Rogha phearsanta sé leabhar atá ann, agus roghnaíodh na leabhair ag cuimhneamh ar na léitheoirí. B’fhéidir nach bhfuil siad bunaithe chomh mór sin ar an bplota, mar a bhíonn na leabhair a roghnaítear i gclubanna leabhar go hiondúil. Díríonn siad, den chuid is mó, ar shaol an duine aonair – ar roghanna a dhéanaimid, rudaí a chaillimid, nithe a éilímid. Cruthaítear carachtair nach féidir dearmad a dhéanamh orthu sna leathanaigh seo: Paula Spencer in The Woman Who Walked into Doors, Farley Grainger in The Cold Eye of Heaven, Catherine McKenna in Grace Notes, Melody Shee in All We Shall Know, agus Alice, an Meiriceánach as baile isteach, in When Light is Like Water. Bhí ionadh orm féin le líon na saolta ban agus guthanna ban sa sampla seo d’fhicsean Éireannach comhaimseartha a scríobh fir agus mná araon. Taitníonn leabhair liom freisin atá sa chéad phearsa mar go dtéann siad i bhfeidhm go mór ar an léitheoir. Leis na carachtair chorraitheacha seo nach daoine foirfe iad in aon chor, faighimid fíorléargas ar Éirinn atá i mbun athrú. Is é an t‑athrú sin is ábhar oscailte san aoir shóisialta The Devil I Know.”
Is iad seo a leanas na sonraí maidir leis na trí imeacht dheireanacha:
- 20 Aibreán, 7 pm: Claire Kilroy The Devil I know
Leabharlann Phoiblí Bhaile an Mhóta, Co. Shligigh
- 27 Aibreán, 7 pm: Roddy Doyle The Woman Who Walked Into Doors
Leabharlann Bhaile Loch Garman, Co. Loch Garman
- 4 Bealtaine, 7 pm: Molly McCloskey When Light is Like Water
Leabharlann Bhaile an Chabháin, Co. an Chabháin
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar http://www.artscouncil.ie/ga/na-healaiona-in-eirinn/Litriocht/The-Reader%E2%80%99s-Voice/, www.facebook.com/LaureateIrishFiction agus trí @LaureateFiction a leanúint ar Twitter #ReadersVoice