Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge 2020 DC
 |
Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt gur ceapadh an scríbhneoir Ciara Ní É, mar Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge don bhliain acadúil 2020. Tá an post á chómhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).
Is í Ciara Ní É a bhunaigh an oíche mic oscailte REIC, a mbíonn filíocht ó bhéal, rap, ceol, scéalta, agus neart eile le cloisteáil ann. Tá a cuid filíochta léite aici i Nua-Eabhrac, i Londain, sa Bhruiséil, sa tSualainn, agus sa bhaile in Éirinn. Foilsíodh saothar dá cuid agus aistí liteartha léi in irisí éagsúla, Icarus agus Comhar ina measc. Tá a céad chnuasach filíochta idir lámha aici faoi láthair. Roghnaíodh í don scéim ‘Introductions’ de chuid Éigse Éireann sa bhliain 2017, agus an bhliain dár gcionn, d’eisigh sí sraith físdánta i gcomhar le hÁras na Scríbhneoirí, atá ar fáil ar YouTube. Fuair físeán an dáin ‘Phenomenal Woman’ faoin LGFA (Cumann Pheil na mBan) breis is 300,000 radharc, agus tharraing sé aird fhairsing ar a saothar. I measc a cuid coimisiún áirítear RTÉ TV, BBC Radio, TG4, agus Áras na Scríbhneoirí.
 |
|