Ag druidim ar an Samhradh dúinn, tá Nascann Cultúr, an clár cultúrtha d’Uachtarántacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, curtha i gcrích, fad is atá iontráil na hÉireann ag Biennale na Veinéise nochtaithe agus ag cur fáilte roimh cuairteoirí.
Tá 100% Cork curtha i láthair ag Féile Lársamhraidh Chorcaí; tá Work in Progress curtha i láthair ag Cló Ceardlann na gCnoc i nGort an Choirce i nDún na nGall; tá príomhthaispeáint den Quartet No. 5 le John Kinsella san Fhéile Ceoil Aireagail Iarthar Chorcaí; agus feidhmíocht Fhéile Damhsa Óige na hÉireann sa Pavillion Theatre i nDún Laoghaire ar cheann de na himeachtaí curtha i gcrích le linn sé mhí de Nascann Cultúr.
Bhí 92 tionscnaimh ealaín reatha is féile mar chuid den chlár, comhordaithe ag an gComhairle Ealaín. Bhí sé ar siúl le himeachtaí cláraithe ag institiúid chultúrtha náisiúnta na hÉireann, chomh maith le clár thar lear comhordaithe ag an rannóg Chultúr Éireann den Roinn Ealaíon, Oidhreachta is Gaeltachta, ina bhfuil na céadta imeachtaí ag cur ealaíontóirí na hÉireann agus saothar s’acu faoi bhráid i gcuideanna eile san Eoraip.
Ag 55ú Biennale na Veinéise, rinne ealaíontóir Richard Mosse ionadaíocht ar Éirinn le healaín suiteála mhór ilmheánach nua, ar a dtugtar The Enclave air, curtha i láthair ag an gCoimisinéir / Coimeádaí Anna O’Sullivan, Stiúrthóir ar Ghailearaí an Bhuitléirigh i gCill Chainnigh.
Thar an bhliain 2012, thaistil Richard agus a chomhoibrithe Trevor Tweeton agus Ben Frost go hOirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó. An ealaín suiteála a bhí mar thoradh air, The Enclave, tháinig sé chun buaice le hiarrachtaí Mosse ar mhaithe le hathsmaoineamh a dhéanamh ar an ngrianghrafadóireacht chogaidh. Bhí a thaispeántas thar a bheith géar, ag tabhairt san áireamh an bhaint a bhí ag Éirinn leis an síocháin a choimeád sa Chongó agus an tragóid atá fós ar siúl ansin.
Beidh an taispeántas, maoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Rannóg Cultúrtha na hÉireann den Roinn Ealaíon, Oidhreacht is Gaeltachta ar siúl sa Veinéis go dtí mí na Samhna 2013. Ansin tabharfaidh an Chomhairle Ealaíon an taispeántas ar camchuairt go roinnt mhaith gailearuithe in Éirinn le cinntiú gur féidir le luchtanna féáchana na tíre blas a fháil ar an saothar fíor-chumhachtach seo.
Ag féachaint ar aghaidh go dtí an Fómhar, beidh fuinneog do chláir mhaoinithe athfhilltigh ar oscailt i mí Mheán Fómhair le hiarratais le bheith istigh faoi Dheireadh Fómhair. Led’ thoil bí faireach ar ár suíomh gréasáin le haghaidh tuilleadh eolais ar dátaí sonracha. Coimeádaimid ar an eolas sibh i bhfeasacháin amach anseo.
Táimid anois ag druidim ar na míonna deireannacha de straitéis reatha na Comhairle Ealaíon, Ag Forbairt na nEalaíon in Éirinn 2011-2013 a thagann chun críche ag deireadh na bliana seo. Tá an Chomhairle i mbun fhorbairt ar ráiteas straitéiseach do 2013-2016 a bheidh ar fáil i Meán Fómhair
Ag guí Samhradh álainn oraibh go léir,
Le meas,
Orlaith.
