RAISE: Tá Kieran McSweeney ceaptha ag an gComhairle Ealaíon i ról mar Chomhairleoir Infheistíochta Príobháidí.
 |
Is é a ról RAISE a thabhairt chuig an gcéad leibhéal eile trí thaighde agus chun idirghabhálacha cuí a mholadh, a chur i bhfeidhm agus a mhonatóiriú chun tabhartas príobháideach inár n-eagraíochtaí maoinithe ar fad ar fud na hearnála a fhorbairt. Anuas air sin, beifear ag súil go bhfeidhmeoidh Kieran mar idirghabhálaí don Chomhairle Ealaíon chun tionchar a imirt ar thuairim an phobail, ar nós an phobail gnó agus daoine aonair a bhfuil Ghlanfhiúchas ard leo, maidir le tábhacht an daonchairdis ealaíon agus an chaoi ar féidir le gnólachtaí tairbhe a bhaint as a bheith bainteach go pearsanta le heagraíochtaí ealaíne. Tá go leor taithí ag Kieran san Infheistíocht Phríobháideach, agus comhairle á tabhairt aige maidir le Fondúireacht Daonchairdis a bhunú le cúig bliana anuas le Fondúireacht LIT, ciste síl €1m a bhunú do chuideachtaí tionscnaimh agus ciste scoláireachta €1m do mhic léinn, Bord Comhairleach ardleibhéil a earcú agus d'éirigh leis tabhartais daonchairdis sé agus seacht bhfigiúr a bhailiú. Tá taithí mhór ag Kieran chomh maith ar bhainistíocht shinsearach, thar 30 bliain, i gcuideachtaí ardfháis ilnáisiúnta i Meiriceá agus i gcuideachtaí tionscnaimh lena n-áirítear Avocent International áit ar oibrigh sé ar feadh trí bliana déag mar Stiúrthóir Bainistíochta. Céimí de chuid Choláiste na Tríonóide is ea Kieran, agus tá sé ina bhall den Institiúid Stiúrthóirí mar aon leis an Institiúid Margaíochta, agus tá clár Teastais agus Dioplóma an Stiúrthóra Cairte déanta aige leis an Institiúid Stiúrthóirí agus is iar-Uachtarán é ar Chomhlachas Luimnigh. Tá socruithe á ndéanamh ag Kieran faoi láthair bualadh leis na heagraíochtaí ar fad atá bainteach in RAISE mar aon le páirtithe leasmhara bainteacha le cuidiú le bonnlíne a fhorbairt chun tosú ag cur moltaí le chéile le haghaidh na gcéad chéimeanna eile. Tá stíl Kieran an-rannpháirteach agus cuimsitheach agus déanfaidh sé iarracht gach moladh ábhartha agus cuí a thógáil ar bord ón taithí go dtí seo. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Kieran ag kieran.macsweeney@artscouncil.ie nó ar 087 2513986.
 |
|