Spriocdháta: Déardaoin, 13 Bealtaine 2021
Tosóidh an tréimhse inar féidir iarratas a dhéanamh Déardaoin 13 Aibreán.
Tá an Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne ar fáil i ngach foirm ealaíne agus réimse cleachtais ealaíon a dtacaíonn an Chomhairle Ealaíon leo.
Cuspóir na Scéime seo
I bhfianaise thosca uathúla Covid-19, forbraíodh an Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne chun tacú le heagraíochtaí ealaíon tacaíocht, scileanna agus saineolas a fháil chun a samhlacha ealaíne agus/nó gnó a athbhreithniú agus a oiriúnú agus chun tacú lena bhforbairt straitéiseach sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Tacaíonn sí le gníomhaíochtaí a chabhróidh acmhainn a fhorbairt, uileghabhálacht a fhorbairt; agus/nó piarthacaíocht agus comhoibriú a mhéadú.
Is féidir na treoirlínte dámhachtana a íoslódáil ón rannán maoiniú atá ar fáil de shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh:
Tá an dámhachtain oscailte d’eagraíochtaí amháin.
Ní ghlacfar le hiarratais ach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon agus ní mór an t-ábhar tacaíochta ar fad a sheoladh isteach ar líne.Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras roimhe seo clárú roimh ré sula ndéanfaidh siad iarratas. D’fhéadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula ndearbhófar do chuid clárúchán, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir.
Cuirimid nuashonruithe agus cabhair ar fáil anois maidir le seirbhísí ar líne a úsáid trínár leathanach Facebook nua. Tá fáilte romhat teachtaireacht a sheoladh chugainn tríd an leathanach má theastaíonn tacaíocht uait maidir le seirbhísí ar líne agus iarratas á dhéanamh agat ar an Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne: http://www.facebook.com/artscouncilireland