Cuairt staidéir ó Bhainisteoirí Ionad Ealaíne na hAfraice Theas chun na hÉireann
Bhí an chuairt mar chuid den chlár atá á mhaoiniú ag Roinn Ealaíon agus Cultúir na hAfraice Theas agus an AE dar teideal ‘Shukuma Mzansi!’ (Borradh ó Dheas), a léiríonn a dtiomantas d’athbheochan líonra na n-ionad ealaíon pobail ar fud na hAfraice Theas. Bhí sceideal iomlán agus éagsúil ag na Bainisteoirí Ionad Ealaíne le linn a gcuairte. Áiríodh anseo cuairteanna agus cruinnithe le raon eagraíochtaí ealaíne agus cultúrtha lena n-áirítear The LAB, Sráid Uí Fhoghlú, Create, The Ark, Féile Bluefire, Ealaíona Pobail Thamhlachta, agus RUA RED. I ndiaidh dóibh cuairt a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath, thug an toscaireacht cuairt freisin ar ionaid ealaíon pobail sa Fhrainc agus sa Bheilg. Seolfaidh gach tír ón AE a bheidh rannpháirteach beirt toscairí ar thuras staidéir agus go comhdháil san Afraic Theas ar phlé cultúrtha idirnáisiúnta faoi ealaíona pobail agus ionaid.
|