Is é an spriocdháta le haghaidh camchuairteanna a bheidh ar bun idir mí Iúil agus mí na Nollag 2019 agus le haghaidh Réamhphleanáil 2020 an 10 Eanáir 2019.
Beidh foirmeacha iarratais ar fáil trí na seirbhísí ar líne ó lár mhí na Nollag 2018.
Mar a tharla le babhtaí roimhe seo den scéim, chomhaontaíomar lenár gcomhghleacaithe i gComhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann tacaíocht chomhpháirteach a thabhairt do chamchuairteanna thuaidh-theas (má tá an buiséad ann). Ciallaíonn sé sin gur féidir le hiarratais ó Thuaisceart Éireann agus ó Phoblacht na hÉireann dátaí ón dá dhlínse a áireamh.
Spreagadh é seo do chompántais agus d’ionaid comhoibriú lena chéile sa dá dhlínse ionas go bhfeicfear saothar den scoth ar fud an oileáin ar fad.
Féadfaidh iarratasóirí nach n-éiríonn leo Maoiniú Straitéiseach/Ionaid Tionóil/Comhpháirtíochta a fháil cur isteach ar Bhabhta 2 de Scéim Camchuairte 2019.
Tá an scéim Réamhphleanála oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí ar mian leo léiriúcháin a thabhairt ar camchuairt in 2020 (seachas eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú straitéiseach ilbhliantúil).
Ó tugadh isteach í sa bhliain 2010, tá na scéimeanna Camchuairte bunaithe ar phrionsabal an chomhoibrithe idir na daoine a léiríonn saothar agus na daoine a chuireann saothar i láthair don lucht féachana/éisteachta.
Chun sonraí a fháil faoin scéim, déan teagmháil le Val Ballance nó Regina O’Shea. Má tá aon cheisteanna agat a bhaineann go sonrach le foirmeacha ealaíne, cuir ríomhphost chuig an bhfoireann ábhartha. Tá na sonraí teagmhála ar fad ar leathanach Teagmhálacha shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.