Bhí an ghrian ag soilsiú go hard i gCeatharlach a bhí mar chúlra taitneamhach don chomhdháil Places Matter is déanaí. Ba mhór an t-áthas é a bheith in ann teacht le chéile le comhghleacaithe arís i ndiaidh bearna éigeantach Covid. Thar dhá lá, fuaireamar léargais spreagúla ó bhreis agus 55 cainteoir agus is cinnte gur fhág mé le tuiscint d’earnáil a bhí lán le dóchas athnuaite agus muid ag tabhairt aghaidh ar an todhchaí. I measc na mothúchán iomadúil atá ag fanacht liom tá machnaimh ón bhfoireann atá páirteach in Creative Places Tuam. Labhair an scannánóir David McDonagh faoin gclár atá ag dlisteanú a ról mar dhéantóir scannán. Bhí caint ar mheanma níos airde a bheith ag an mbaile mar thoradh ar an gclár agus bhí moladh ann go bhfuil sé ag cur ar chumas daoine breathnú ar a chéile ar bhealach difriúil.
In áiteanna eile ag an gcomhdháil, d’iarr an t-ealaíontóir Garrett Phelan ar dhaoine a bheith cúramach faoin mbaol a bhaineann le hualach a chur ar ealaíontóirí le ról na ndéantóirí áite, agus ina cuid machnaimh achomaire a raibh an-léargas le fáil iontu, smaoinigh an file Felicia Olusanya ar choincheap na n-ealaíontóirí mar áitmharcóirí in ionad sin.
Mar ionchur spreagúil, roinn an t-ailtire agus ball d'Aosdána Valerie Mulvin go leor smaointe agus réitigh spreagúla. Ceann de na coincheapa a bhí ag Valerie a rabhamar go léir an-tógtha faoi ná gurb iad na bailte ár n-amharclanna laethúla. Mar gheall ar an gcomhoibriú méadaitheach lenár gcomhghleacaithe in Údaráis Áitiúla, infheistíocht mhéadaithe, agus tuiscint níos fearr ar thábhacht áite dúinn, braithimid go bhfuil a lán féidearthachtaí ann. Ina theannta sin, cuimsíodh seoladh ár mbeartais spásúlachta, a bhuanaíonn ár dtiomantas do dhaonlathú na n-ealaíon in Éirinn, mar chuid de Places Matter.
Agus na laethanta speisialta seo á gcur le chéile, ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le m’fhoireann féin (faoi stiúir Sinéad O’Reilly), leis na cainteoirí agus na rannpháirtithe iontacha go léir, lenár gcomhghleacaithe ar fud an rialtais áitiúil agus leis an bhfoireann iontach in VISUAL as a gcomhoibriú agus a dtacaíocht iontach.
Sa nuachtlitir seo, gheobhaidh tú nasc chuig suirbhé ealaíontóra. Cé go dtuigimid go bhfuil roinnt díobh seo seolta chugat le tamall anuas, iarraimid ort am a ghlacadh chun an ceann seo a chomhlánú dúinn. Tuigimid cé chomh húsáideach is atá an taighde seo chun cabhrú lenár gcomhghleacaithe ar fud an rialtais tuiscint níos fearr a fháil ar do chuid riachtanas. Agus muid ag druidim le séasúr féilte an tsamhraidh, tá súil agam go mbeidh muid in ann sult a bhaint as an taithí a bhaineann le bheith ag teacht le chéile agus a bheith i dteannta a chéile ar bhonn rialta.
Dhá chlinic d’iarratasóirí ar Scéim Infheistíochta na Féile 2023 fógartha ag an gComhairle Ealaíon.
Ba chóir d’iarratasóirí atá ag filleadh ar an scéim freastal ar cheann den dá chlinic ina leagfar amach athruithe ar an bhfoirm iarratais agus ar an treoir d’iarratasóirí. Beidh deis ann freisin do rannpháirtithe an chlinic ceisteanna a chur. Moltar d’iarratasóirí nua ar Scéim Infheistíochta na bhFéilte freastal freisin.
Ag leanúint ar aghaidh ón tsraith seimineár gréasáin Pathways a bhí ar siúl in Earrach 2021, tá an Chomhairle Ealaíon ina óstach faoi láthair ar shraith nua seimineár gréasáin de cheardlanna agus plé a thiocfaidh chun críche in Aibreán 2022. Díríonn Pathways 2022 ar an inbhuanaitheacht eagraíochtúil agus ar an gcuimsitheacht laistigh de chomhthéacs féile.
Clár arna mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon is ea In the Open | Faoin Spéir. Mar chuid den chlár, leanfar de bheith ag cur réimse d’imeachtaí ealaíon éagsúil amuigh faoin aer ar bun i spásanna poiblí ar fud na hÉireann. Agus muid ag súil go tnúthánach go dtiocfaidh muid as an bpaindéim, cuideoidh In the Open | Faoin Spéir le spiorad athnuaite dóchais agus muiníne a chur ar ais sna healaíona.
Tá Scéim Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais na Comhairle Ealaíon, arna bhainistiú ag Arts & Disability Ireland, deartha chun tacú le healaíontóirí le míchumais le bheith uaillmhianach, lena gcleachtas a fhorbairt agus chun nascadh le heagraíochtaí ealaíon agus le gairmithe ealaíon in Éirinn. Dúnfar Babhta 1 Dé Luain 16 Bealtaine ag 4 i.n.
Cuireann Scoileanna Ildánacha/Creative Schools 2022 fáilte roimh iarratais ó scoileanna agus ionaid Ógtheagmhála ar fud na tíre ar mhaith leo bheith páirteach sa chlár i bhfómhar 2022. Tá na treoirlínte iarratais foilsithe anseo, agus is é an spriocdháta d’iarratais ná 17:30 Dé Déardaoin 2 Meitheamh 2022.