An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30 p.m., Déardaoin, an 19 Eanáir 2017
 |
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Sparánachta na Comhairle Ealaíon Déardaoin, an 19 Eanáir 2017
Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 20 Nollaig 2016 ar aghaidh Tá an Dámhachtain Sparánachta ar fáil do na cineálacha ealaíne seo a leanas:
- Ailtireacht
- Sorcas
- Damhsa
- Scannán
- Litríocht (Béarla)
- Ceol
- Ceoldráma
- Sráidealaín & Seónna
- Téatar
- Na Físealaíona
Tugann an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Sparánachta chun cabhrú le healaíontóirí aonair a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Dírítear leis an dámhachtain ar an luach agus ar an tairbhe a bhaineann ealaíontóir as tréimhse spriocdhírithe i mbun cleachtaidh.
Tá treoirlínte maidir le gach dámhachtain foilsithe sa rannán, maoiniú atá ar fáil , ar ár suíomh Gréasáin.
Tabhair faoi deara
Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras sin roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh cláraithe roimh iarratas a dhéanamh.
 |
|