Spriocdhátaí atá ag teacht aníos
 |
Spriocdháta iarratais do Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí, 2020
Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratas a dhéanamh ar Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí, 2020 ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon ar an 7 Bealtaine 2019. Is é 5:30 p.m., Déardaoin, 6 Meitheamh 2019 an spriocdháta don scéim.
Tá deontais oiread agus €40,000 ar a mhéad á dtairiscint faoin scéim sin i dtreo costais reatha spásanna oibre amharc-ealaíontóirí. Tá sé d’aidhm ag an scéim tacaíocht a thabhairt do spásanna oibre ealaíontóirí ar fud na tíre chun an timpeallacht oibre is fearr agus is féidir a sholáthar d’amharc-ealaíontóirí agus, nuair is indéanta, leibhéal fóirdheontais a chumasú do na healaíontóirí a oibríonn sna spásanna sin.
Foilseofar na treoirlínte don scéim go gairid faoin rannán faoi mhaoiniú atá ar fáil <http://www.artscouncil.ie/ga/Maoiniu/Maoiniu-ar-fail/> ar ár suíomh gréasáin.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le ben.mulligan@artscouncil.ie
|