D’fhógair TG4 agus an Chomhairle Ealaíon go bhfuil saothar nua suntasach le coimisiúnú agus le léiriú don scáileán, bunaithe ar fhilócht Mháire Mhac an tSaoi. Roghnaíodh an togra nua le Paula Kehoe ón gcomhlacht Saoi Media, de thoradh an chomórtais oscailte a heagraíodh i dtús na bliana. Sa saothar atá beartaithe, fiosrófar agus léireofar samhlaíocht liteartha Mhac an tSaoi mar a fheictear í don fhile agus scoláire Louis de Paor agus an t-ealaíontóir feidhmíochta Maureen Fleming.
Áirítear Máire Mhac an tSaoi ar dhuine de na filí Gaeilge is tábhachtaí le céad bliain anuas, ceannródaí na nua-fhilíochta sa teanga sin a raibh an nuál agus chomhaimsearthacht fite go healaíonta le domhain-thuiscint ar an traidisiún saibhir liteartha Gaeilge agus beocht na teanga beo freisin.
Comh-thionscnamh idir TG4 agus an Chomhairle Ealaíon é Splanc! a thacaíonn le cruthú agus le léiriú mhór-shaothair Ghaeilge ar na healaíona. Beidh an leagan scannán den saothar nua á thaispeáint i bpictiúrlanna sula gcraoltar ar TG4 é i 2015.
Deir Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4 go bhfuil an togra a roghnaíodh thar a bheith oiriúnach: “Laoch liteartha agus ealaíne í Máire Mhac an tSaoi agus is breá linn go dtabharfaidh an saothar nua seo aitheantas dá samhlaíocht agus tá cumas i bhformáid físiúil a mheallfaidh lucht féachana na linne seo nach léitheoirí rialta filíochta Gaeilge go leor acu, “ a dúirt sí. Mhol sí an tairbhe a dhéanann an scéim Splanc ! agus luaigh saothair Ghaeilge a léiríodh roimhe seo agus a thuill ard-mholadh agus duaiseanna freisin, leithéidí Concerto Chaitlín Maude agus Ponydance.
D’aontaigh Fionnuala Sweeney, Ceannaire Scannán sa gComhairle Ealaíon, gur saothar tábhachtach é seo: “Táimid thar a bheith sásta bheith i bpáirt le TG4 ar an scéim seo agus is cinnte go bhfuil an saothar ceannródúil seo le Paula Kehoe thar a bheith oiriúnach don pháirtíocht sin. Tá tuiscint ar leith acu sin atá luaite leis an togra ar a réimse féin ealaíne agus beidh an chomhpháirtíocht eatarthu sa saothar seo thar a bheith suimiúil.”
Scannánóir Gael-Astrálach í Paula Kehoe a bhfuil cónaí uirthi i nGaeltacht na Gaillimhe le breis is chúig bhliana déag. Tá taithí fhairsing léiriúcháin aici agus tograí cruthaithe agus stiúrtha aici do TG4, RTÉ, BBC Alba agus cainéil sna Stáit Aontaithe. B’í a léirigh agus a stiúraigh an duais-shraith An Dubh ina Gheal do TG4 (togra faisnéise faoin gcaidreamh idir imircigh Éireannacha agus bundúchasaigh san Astráil).