Dairena Ní Chinnéide fógartha mar Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge DCU 2017-18
 |
Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon agus ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a fhógairt gur ceapadh an file Dairena Ní Chinnéide mar Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge don bhliain acadúil 2017-2018. Tá an post á chómhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).
Tá comhpháirtíocht fhada ag an gComhairle Ealaíon le hollscoileanna Éireannacha chun poist mar Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht a chur ar fáil d’fhonn deis a thabhairt do mhic léinn ollscoile oibriú le scríbhneoirí gairmiúil a bhfuil meas orthu agus foghlaim uathu, agus d’fhonn deis a thabhairt do scríbhneoirí a saothar a fhorbairt fad is atá siad go réasúnta maith as ó thaobh airgid de. Beathaisnéis
Bhain Dairena Ní Chinnéide Baitsiléir Ealaíon i Léann na Cumarsáide amach in DCU agus ghnóthaigh sí Ard-Dioplóma i Staidéar an Aistriúcháin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá cuid mhór scríofa aici agus tá na bailiúcháin seo a leanas curtha i gcló aici: Fé Gheasa/Spellbound (Arlen House, 2016), Labhraíonn Fungie/Fungie Speaks (Ponc Press, 2015), Cloithear: Aistear Anama (Coiscéim, 2013), Bleachtaire na Seirce (Coiscéim, 2010), Poll na mBabies (Coiscéim, 2008), Máthair an Fhiaigh/The Raven’s Mother (Cló Iar-Chonnacht, 2008), An tEachtrannach/Das Fremde/The Stranger (Púca Press, 2008), An Trodaí agus Dánta Eile/The Warrior and Other Poems (Cló Iar-Chonnacht, 2006).
 |
|