2023: Iardhearcadh na Todhchaí
 |
Cuireann an siompóisiam deis ar fáil don Chomhairle Ealaíon agus d’ealaíontóirí dul i gcomhairle le pobal na n-ealaíon, an pobal acadúil, na meáin agus an pobal i gcoitinne ar bhealach samhlaíoch maidir leis an ról ríthábhachtach atá ag an ealaín i gcomóradh. Bíodh sé chun fianaise nár chualathas a chloisteáil, machnamh a dhéanamh ar thaithí, dul i ngleic le stair agus í a cheistiú, fráma eile a chur ar an insint cheannasach nó stair mhalartach shamhlaithe a chur ar fáil, ní mór go gceisteodh ealaín í féin chomh maith – ag bogadh ar aghaidh chun scéalta nua a insint ar bhealaí nua. Cuirtear an siompóisiam i láthair mar iardhearcadh na todhchaí, agus 2016 mar am tábhachtach i ndeich bliana de chomóradh céad bliain. Tugann an fráma seo deis d’ealaíontóirí, smaointeoirí criticiúla, agus déantóirí beartais smaoineamh ar 2016 le fad samhlaithe, agus tugann sé deis dóibh chomh maith na himeachtaí comórtha céad bliain níos conspóidí atá ag teacht aníos a shamhlú/cheistiú, mar aon le Clár Maoinithe Gairmeacha Oscailte na Comhairle Ealaíon, le comhthéacs EALAÍN:2016 mar thúsphointe. Thacaigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le EALAÍN:2016 mar chuid de Chlár Comórtha Céad Bliain Éire 2016. Dáta: 4 Aibreán Am: 9.30 am-5.30 pm Ionad: An Gailearaí Eolaíochta, Baile Átha Cliath Tá an t-imeacht saor in aisce agus oscailte do gach duine ach tá sé riachtanach áirithint a dhéanamh. Ticéid ar fáil anseo.
 |
|