Beidh folúntas ann don phost mar Stiúrthóir Gníomhach Áras na Scríbhneoirí ó mhí Iúil 2019 ar feadh téarma seasta de 50 seachtain. Ba mhaith le Bord Áras na Scríbhneoirí Stiúrthóir Gníomhach a cheapadh mar sin chun obair na heagraíochta a stiúradh, a bhainistiú agus a fhorbairt, ag tógáil ar rath agus gaiscí na heagraíochta le 28 mbliana anuas.
Is post lán-aimseartha sealadach é seo agus beidh an té a cheapfar lonnaithe i 19 Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1, Éire. Is ról ceannaireachta cultúrtha tábhachtach é seo. Beidh an stiúrthóir ag tuairisciú don Bhord agus freagrach as bainistiú raon leathan oibríochtaí an Árais chomh maith lena acmhainní agus airgeadas, a áitreabh, agus as an bhfoireann i gCearnóg Parnell. Beidh ar an té a cheapfar foinsí maoinithe reatha a chothú i gcomhair na ngnáthchlár mar aon le deiseanna nua a aimsiú laistigh den chreat atá ann le haghaidh maoiniú agus clár nua.
Beidh an Stiúrthóir Gníomhach nua mar ionadaí d’Áras na Scríbhneoirí go poiblí, cothóidh sé/sí caidrimh leis na príomhpháirtithe leasmhara i bpobal na litríochta, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus leis na príomhghníomhaireachtaí maoinithe go háirithe, lena n-áirítear an dá Chomhairle Ealaíon in Éirinn agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Foras na Gaeilge agus gníomhaireachtaí eile.
Teideal Poist: Stiúrthóir/Príomhfheidhmeannach Gníomhach
Ag tuairisciú: do Bhord na Stiúrthóirí tríd an gCathaoirleach
Téarma: Conradh i gcomhair téarma seasta 50 seachtain ag tosú i mí Iúil 2019
Tuarastal: €42,000 - €45,000 (i gcomhréir le taithí)
Laethanta saoire: 25 lá in aghaidh na bliana (pro rata 50 seachtain)
Láthair: 19 Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1, Éire
Uaireanta: Lán-aimseartha (37.5 uair sa tseachtain)
Spriocdháta na n-iarratas: Dé Máirt, 14 Bealtaine ag a 5.00 pm. (Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.)
Maidir le hÁras na Scríbhneoirí
Eagraíocht acmhainní náisiúnta do litríocht na hÉireann is ea Áras na Scríbhneoirí. Bunaíodh Áras na Scríbhneoirí sa bhliain 1991, agus is é
ár misean, poiblíocht a dhéanamh agus tacaíocht agus faisnéis a chur ar fáil do scríbhneoirí ag gach uile chéim dá bhforbairt. Is é is fís againn go mbeach sochaí ionchuimsitheach againn ina síltear go mbaineann luach le hobair an scríbhneora agus ina dtacaítear leis an litríocht ionas go mbeidh rath againn inár saol agus go saibhreofar ár saol.
Cuireann Áras na Scríbhneoirí clár leathan de chúrsaí agus ceardlanna scríbhneoireachta ar fáil. Is iomaí cineál scríbhneoir bunaithe ó raon fairsing seanrá a treoraíonn na cúrsaí agus na ceardlanna sin, lena n-áirítear cuimhní cinn, filíocht, cumadh drámaí, gearrscéalta agus an t-úrscéal. Reáchtálaimid sraith cláir forbartha gairmiúla chomh maith le meantóireacht a thabhairt do scríbhneoirí óga agus do scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn. Déantar iad a cothú chomh maith, ag tacú leo i bhforbairt a gceirde agus a ngairmeacha mar scríbhneoirí. Anuas air sin, cuirimid cónaitheachtaí ar fáil do scríbhneoirí gairmiúla agus rannpháirtíocht for-rochtana tríd ár
Scéimeanna cónaitheachta sa phobal. Cuirimid neart deiseanna ar fáil do scríbhneoirí chun naisc a chruthú le luchtanna léitheoireachta idirnáisiúnta.
Tá pobal láidir agus dílis de bhaill, páirtithe agus cairde ag Áras na Scríbhneoirí, agus cuirimid fáilte roimh dhaoine nua as gach uile chúlra, de gach uile náisiúntacht, idir óg agus aosta, ballraíocht a ghlacadh linn.
Is iad na príomh-mhaoinitheoirí atá againn an Chomhairle Ealaíon, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Foras na Gaeilge.
https://irishwriterscentre.ie/collections/residencies-retreats/products/acting-director-ceo-of-the-irish-writers-centre-50-weeks-from-july-2019