Glaoch ar iarratais: sparánacht doiciméadúcháin artsandhealth.ie 2019
 |
An bhfuil tú rannpháirteach i dtionscadal ealaíon agus sláinte? Ar mhaith leat do shaothar a thaispeáint do lucht féachana níos mó? Cuireann artsandhealth.ie fáilte roimh iarratais ar sparánacht €4000 chun gearrscannán, closchlár faisnéise nó foilseachán a dhéanamh maidir le tionscadal ealaíon agus sláinte.
Cuirtear fáilte roimh iarratais ó ealaíontóirí atá ag obair i socruithe cúram sláinte, ó ghairmithe cúram sláinte, ó eagraíochtaí/comhpháirtíochtaí ealaíon agus sláinte agus ó dhaoine eile atá ag obair i réimse na n-ealaíon agus na sláinte.
Taispeánadh saothair na ndaoine a bhuaigh an sparánacht seo cheana ag féilte scannán náisiúnta agus ag comhdhálacha cúraim sláinte agus craoladh ar RTÉ iad.
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun an fhoirm iarratais a fheiceáil féach ar:
http://www.artsandhealth.ie/2019/05/15/call-for-applications-artsandhealth-ie-documentation-bursary-2019/
Is é an spriocdháta d’iarratais ná Dé Céadaoin, 3 Iúil 2019 ag 12pm.
Tá sparánacht doiciméadúcháin artsandhealth.ie 2019 á maoiniú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ag an gComhairle Ealaíon.
www.artsandhealth.ie
 |
|