Tá iarratais á lorg anois ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas don phost mar Oifigeach Forbartha Music Generation
Ceapfaidh Comhairle Contae Átha Cliath Theas Oifigeach Forbartha Music Generation a bheidh freagrach as clár oideachais fairsing um thaibhiú ceoil a bhainistiú thar ceann na Comhpháirtíochta Oideachais Ceoil i mBaile Átha Cliath Theas.
Tá Music Generation Baile Átha Cliath Theas mar chuid de Music Generation – Clár Oideachais Ceoil Náisiúnta na hÉireann, atá á chómhaoiniú ag U2, ag The Ireland Funds, ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus ag Comhpháirtíochtaí Oideachais Ceoil Áitiúla.
Conradh Sainchuspóireach (Clúdach do Shaoire Mháithreachais) (Raon tuarastail: €46,771 - €57,157 in aghaidh na bliana)
Tá foirm iarratais, tuairisc ar an bpost agus sonraíocht faoin bpearsa ar fáil ar líne ag – www.sdcc.ie
Is é an dáta deiridh a ghlacfar le foirmeacha iarratais comhlánaithe: Déardaoin, 20 Meitheamh 2019
Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.
Bunaithe ar an líon iarratas a fhaightear, d’fhéadfaí gearrliostú a dhéanamh. Déanfar gearrliostú bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil ar an bhfoirm iarratais. Ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí na n-iarrthóirí, d’fhéadfadh tairseacha an ghearrliostaithe a bheith i bhfad níos airde ná na caighdeáin bhunúsacha arna leagan amach.
Fostóir comhionannas deiseanna is ea Comhairle Contae Átha Cliath Theas.