Cad é a shíleann tú faoin gclár, an Eoraip Chruthaitheach? Cén chaoi ar féidir é a fheabhsú?
Tá sé mar aidhm leis an gcomhairliúchán tuairimí agus dearcthaí a bhailiú maidir le hábharthacht chuspóirí an chláir, an Eoraip Chruthaitheach, éifeachtúlacht na mbeart a glacadh chun iad a bhaint amach agus éifeachtach a bhforfheidhmithe. Dá bhrí sin, tá sé mar aidhm leis an gcomhairliúchán breisluach an Chláir a mheas i ndáil leis na dúshláin agus na deiseanna sna hearnálacha cultúrtha agus closamhairc, i gcomparáid leis an méid a d’fhéadfadh Ballstáit a bhaint amach astu féin. Anuas air sin, tá smaointe á lorg sa chomhairliúchán poiblí do chlár a d’fhéadfadh teacht in ionad an chláir, an Eoraip Chruthaitheach tar éis 2020. Féach anseo chun tuilleadh sonraí a fháil.
|