Dámhachtain na Cuntaoise Constance de Markievicz
 |
Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas: 5.30 p.m., Déardaoin, an 10 Feabhra 2022
Beifear ag glacadh le hiarratais ón Máirt, an11 Eanáir 2022.
Is é cuspóir na Dámhachtana Markievicz ná tacú leo seo a leanas:
onóir a thabhairt don Chuntaois Constance de Markievicz mar an chéad bhean a toghadh chun parlaiminte; agus chun
tacaíocht a chur ar fáil d’ealaíontóirí as gach cúlra agus seánra am agus spás a chur i leataobh le saothar nua ina léirítear ról na mban sa tréimhse a chumhdaítear le Deich mBliana na gCuimhneachán agus ina dhiaidh sin a fhorbairt
Gheobhaidh na daoine a bhuafaidh Dámhachtain Markievicz €25,000 an duine agus bronnfar an dámhachtain ar suas le deichniúr iarratasóirí gach bliain. Cuirfear fáilte roimh iarratais chomhpháirteacha.
Déanann an Chomhairle Ealaíon an dámhachtain seo a riar thar ceann na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus tá sí oscailte, trí ghairm phoiblí, d’ealaíontóirí atá ag obair sna seánraí ealaíon go léir a dtacaíonn an Chomhairle Ealaíon leo.
Foilseofar treoirlínte ar an rannán maoiniú atá ar fáildár suíomh gréasáin i lár mhí na Nollag.
Tacaíochtaí Rochtana
Má tá tú faoi mhíchumas agus ba mhaith leat iarratas a dhéanamh, déan teagmháil le hOifigeach Rochtana na Comhairle Ealaíon le do thoil, ar an nguthán (01 618 0200/01 618 0243) nó trí ríomhphost (access@artscouncil.ie) chomh luath agus is féidir roimh an spriocdháta.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise le riachtanais rochtana a d’fhéadfaí a bheith agat mar chuid de do thogra a shásamh.
Tabhair faoi deara
Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras sin roimhe seo clárú roimh résula ndéanfaidh siad iarratas. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.
Lean sinn ar ár gcainéil ar na meáin shóisialta le haghaidh nuashonruithe agus cúnaimh:
Twitter: @artscouncil_ie
Facebook: @artscouncilireland
Instagram: @artscouncilireland
 |
|