Is é an aidhm atá leis an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair tacaíocht a thabhairt maidir le saothar a thabhairt ar camchuairt agus a scaipeadh thar réimse d’fhoirmeacha agus cleachtais ealaíon.
Is é Déardaoin, an 6 Bealtaine 2021, an spriocdháta i gcomhair camchuairteanna a bheidh ag tosú ó Eanáir go Meitheamh 2022.
Beidh foirmeacha iarratais ar fáil trí na seirbhísí ar líne ón 6 Aibreán 2021.
Tá an scéim seo ar oscailt do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí ar mian leo dul ar camchuairt idir Eanáir agus Meitheamh 2022, agus atá ina gcónaí nó bunaithe i bPoblacht na hÉireann nó i dTuaisceart Éireann.
Chun na critéir nuashonraithe a fháil i ndáil le COVID-19 féach ar na treoirlínte go cáiréiseach.
Ó tugadh isteach í sa bhliain 2010, tá na scéimeanna Camchuairte bunaithe ar phrionsabal an chomhoibrithe idir na daoine a léiríonn saothar agus na daoine a chuireann saothar i láthair don lucht féachana/éisteachta.
Chun sonraí a fháil faoin scéim, déan teagmháil le Val Ballance nó Regina O’Shea. Má tá aon cheisteanna agat a bhaineann go sonrach le foirmeacha ealaíne, cuir ríomhphost chuig an bhfoireann ábhartha. Tá na sonraí teagmhála ar fad ar leathanach Teagmhálacha shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.