Chonaic go leor againn sneachta ag tús an Mhárta, agus cé gur cuireadh isteach ar roinnt imeachtaí ealaíne (fiú gnó na Comhairle Ealaíon), níor chuir sé drochmhisneach orthu siúd a raibh saothar á dhéanamh acu. Tá formhór ar ais ar a seanléim anois agus ag súil leis an earrach, nuair a thagann sé! Tá moladh speisialta le fáil ag féile Cheol Nua Bhaile Átha Cliath – tá an Chomhairle Ealaíon mar chomhpháirtí sa tionscnamh – agus b’éigean é a chur ar ceal, ach tá go leor de na ceolchoirmeacha á socrú do dhátaí eile níos déanaí sa bhliain cheana féin.
Fógróimid cé a gheobhaidh ár nDámhachtain Sparánachta (babhta a haon) an mhí seo. Mar ghníomhaireacht atá dírithe ní hamháin ar na healaíona inniu ach ar fhorbairt fhadtéarmach na n-ealaíon in Éirinn, measaimid go bhfuil fíorthábhacht leis na dámhachtainí. Tá an cuspóir simplí; tacú leis an ealaíontóir aonair a c(h)leachtas a fhorbairt. Tá an modh éasca; dámhachtain suas le €15,000 chun am agus acmhainní a cheannach dóibh. Bíonn an próiseas roghnúcháin crua uaireanta, mar go bhfuil sé an-iomaíoch. Faighimid iarratais iontacha ó go leor ealaíontóirí, agus déanaimid measúnú cúramach ar gach ceann, á gcur os comhair painéal piaraí na n-ealaíontóirí. Anuraidh chuir 681 ealaíontóir isteach air, agus d’éirigh le 187. Tá súil agam go seasfaidh sibh liom chun tréaslú leo siúd ar fad ar bronnadh sparánachtaí orthu, agus chun spreagadh a thabhairt dóibh siúd nár éirigh leo leanúint ar aghaidh.
Ba mhaith liom a chur i gcuimhne dóibh siúd a bhfuil nasc acu le scoil go bhfuil spriocdháta ann an mhí seo chomh maith, Déardaoin an 22, d'iarratais le bheith páirteach inár dtionscnamh Scoileanna Ildánacha, cuid de chlár Éire Ildánach an Rialtais. Cuireadh síneadh leis an spriocdháta d’iarratais le bheith mar Chomhlach Cruthaitheach – na healaíontóirí agus na hoideoirí a bheidh i gcroílár an chláir – go dtí Dé hAoine seo, ag 1.00 pm.
Chuireamar síneadh chomh maith leis an spriocdháta don Mhaoiniú Deontais do na hEalaíona go dtí Dé Máirt an 13 Márta ag 5.30pm. Mar is iondúil, molaimid go láidir gan d’iarratas a fhágáil go dtí an lá deireanach.
Fuair Éigse Éireann agus Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann cead pleanála i gcomhair pleananna uaillmhianacha chun teach cathrach stairiúil Seoirseach a athchóiriú i dtuaisceart lár na cathrach i mBaile Átha Cliath agus áras nua a dhéanamh le haghaidh na filíochta in Éirinn, Ionad Éigse Éireann.
Filleann Beyond Participation, comhdháil dhébhliantúil Fhoras Ailtireachta na hÉireann ar ailtireacht, dearadh agus rannpháirtíocht an phobail, ar Bhaile Átha Cliath ón 9-10 Márta in Project Arts Centre.
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Clinicí le haghaidh Scéim Infheistíochta na bhFéilte a bheidh ar siúl in Éirinn i Márta agus Aibreán 2018. Ceapadh na clinicí chun tacú le féilte ar mian leo iarratas a dhéanamh ar cheachtar den dá bhabhta de Scéim Infheistíochta na bhFéilte (féach thíos chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na dátaí chun iarratas a dhéanamh).
Tá iarratais á lorg ó scríbhneoirí dearscnaitheacha don ról mar Scríbhneoir Cónaithe ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh, atá á chómhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis na Comhairle Ealaíon ná Déardaoin, an 5 Aibreán 2018 ag 5.30pm. Féadfar iarratas a dhéanamh ón Máirt an 6 Márta 2018 ar aghaidh.
Faoi dhó sa bhliain, cuireann an Chomhairle Ealaíon deontais ar fáil chun go mbeidh ealaíontóirí agus pobail áite agus/nó spéise in ann oibriú le chéile ar thionscadail. Tá an scéim á bainistiú ag Create.
Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon agus Arts & Disability Ireland spriocdháta Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais 2018 a fhógairt, scéim maoinithe d'ealaíontóirí faoi mhíchumas.
Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach don chéad bhabhta eile de na Scéimeanna Damhsa agus Amharclannaíochta an 13 Márta. Is é an spriocdháta do na scéimeanna nua 5.30 p.m. Déardaoin, 12 Aibreán 2018. Glacfar le hiarratais ar shuíomh Gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle Ealaíon.
Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach don chéad bhabhta eile de na Gairmeacha Oscailte an 20 Márta. Is é an spriocdháta do na scéimeanna nua 5.30 pm Déardaoin, 19 Aibreán 2018. Glacfar le hiarratais ar shuíomh Gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle Ealaíon.
In 2018, tá ríméad ar glór i gcomhar le hOifig Ealaíon an Chláir Turais rialta Threoraithe do Dhaoine le Néaltrú a thabhairt isteach le dul le clár amharc-ealaíon ghlór.
An foilsitheoir thú a bhfuil spéis agat in aistriúcháin liteartha? Táthar ag súil leis an gcéad ghairm eile i gcomhair na dTionscadal d’Aistriúcháin Liteartha 2018 go luath i mí an Mhárta.