Imeachtaí Mhí Aibreáin - Tionscadail Náisiúnta – Gairmeacha Oscailte
Future Histories
Á choimeád ag Níamh Murphy agus Áine Phillips, Fondúireacht na Taibhealaíne Beo
Ealaíontóirí: Michelle Browne, Fergus Byrne, Brian Connolly, Pauline Cummins, Francis Fay, Debbie Guinnane, Sandra Johnston, an Dr Laura McAtackney, Danny McCarthy, Ciara McKeon, Alastair McLennan, Níamh Murphy, Katherine Nolan, Sinéad O’Donnell, Méabh Redmond, Dominic Thorpe agus Helena Walsh.
Is éard a bheidh i gceist le Future Histories ná ócáid taibhealaíne beo agus meán digiteach i bPríosún Chill Mhaighneann a bheidh ar siúl ar feadh lá amháin ar feadh 12 uair an chloig. Tabharfaidh sé ealaíontóir déag as Éirinn agus seandálaí staire freagra ar an suíomh agus an bhaint íocónach, stairiúil atá ag an suíomh seo le hÉirí Amach na Cásca 1916. Déanfar iniúchadh ar théamaí an náisiúnachais, na saoirse agus inscne trí thaibhithe am-bhunaithe, glacfaidh na healaíontóirí dá dtabharfar cuireadh páirt sa chomóradh céad bliain trí pheirspictíochtaí comhaimseartha a chruthú maidir lenár stair, coinbhleachtaí, géarchéimeanna agus paisin chomhroinnte i dtaca leis an Éirí Amach agus a shéadchomhartha is mó, Príosún Chill Mhaighneann.
ÓCÁID TAIBHEALAÍNE BEO AGUS MEÁN DIGITEACH
10am - 10pm, Dé Sathairn, an 21 Bealtaine 2016
Príosún Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8
Tá ticéid do Future Histories ar fáil saor in aisce. Is féidir ticéid a chur in áirithe ar eventbrite anseo
Tuilleadh eolais:
https://www.facebook.com/FutureHistories2016
https://twitter.com/FutureHistory16
CAMCHUAIRT
The Plough and the Stars
An tÁras Náisiúnta Ceoldrámaíochta, Loch Garman
4–7 Bealtaine 2016
Lime Tree Theatre, Luimneach
10–14 Bealtaine 2016
Lonnaithe i lár an Éirí Amach, scéal is ea The Plough and the Stars faoi shaol gnáthdhaoine a scriosadh i rith tréimhse idéalachais. Tabharfaidh an stiúrthóir Seán Holmes, a bhfuil gradam Olivier buaite aige, dearcadh nua do dhráma an-spéisiúil Sean O’Casey.
Cuireann Amharclann na Mainistreach The Plough and the Stars i láthair agus tacaíocht aige ó Chultúr Éireann mar chuid de Chlár Comórtha Éire 2016.
Téigh chuig www.abbeytheatre.ie le tuilleadh faisnéise a fháil