Dámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis, an chéad spriocdháta eile – 5.30 p.m., Déardaoin, an 17 Feabhra 2022
 |
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis na Comhairle Ealaíon, Déardaoin, an 17 Feabhra 2022 ar 5.30 p.m. Féadfar iarratas a dhéanamh ón Luan, an 18 Eanáir 2022 ar aghaidh.
Is é cuspóir Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis tacaíocht a thabhairt do thionscadail taifeadta sna healaíona traidisiúnta, nó do thionscadail taifeadta ina mbeidh lucht na n-ealaíon traidisiúnta ag saothrú i gcomhar le lucht foirmeacha eile ealaíne agus do thionscadail atá bunaithe ar shaothar a fhoilsiú amhail ábhair teagaisc, bailiúcháin fonn agus saothar léirmheastóireachta atá ag teacht le beartas na Comhairle Ealaíon i leith na n-ealaíon traidisiúnta.
Tabharfar tús áite do thionscadail lena léirítear:
- Aird ar chaighdeán ealaíonta
- Nuálaíocht
- Tairbhe shuntasach do phobal na n-ealaíon traidisiúnta.
Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair, do ghrúpaí, d’ensembles agus d’eagraíochtaí
Treoirlínte Dámhachtana le haghaidh Dámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis ar fáil sa rannán maoiniú atá ar fáil_ar ár suíomh gréasáin.
Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór don iarratasóir a bheith cláraithe le suíomh na seirbhísí ar líne sula ndéanfar iarratas. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.
 |
|