SPARÁNACHTAÍ D’EALAÍONTÓIRÍ 16 x 16 |
Agus aitheantas á thabhairt don ról a bhí ag ealaíontóirí in imeachtaí 1916 agus do ról an ealaíontóra in Éirinn na linne seo, bronnfaidh an Chomhairle Ealaíon sparánacht speisialta ar shé ealaíontóir déag atá ag teacht chun cinn. Gheobhaidh na hiarratasóirí rathúla €12,500 an duine agus tabharfar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i gcónaitheacht chomhchoiteann seachtaine in 2016. Tháinig grúpa moltóirí neamhspleácha le chéile an 9 Meán Fómhair, áit a ndearna siad a roghnúcháin. Fógrófar sonraí ina leith sin le linn mhí Dheireadh Fómhair – coinnigh do shúil air seo!
TIONSCADAL CÓRÚIL NÁISIÚNTA
Domhnach Cásca 2016, tiocfaidh aon mhíle guth as gach cearn na hÉireann le chéile le Ceolfhoireann agus Taibhghrúpaí RTÉ agus le Grúpaí Léirithe i nDún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath, chun mórshaothar nua ceolfhoirneach agus córúil arna chumadh, ar coimisiún, ag Shaun Davey agus Paul Muldoon a chur i láthair. Is dóigh go mbeidh an cheolchoirm saor in aisce seo ar cheann de na buaicphointí de chomóradh na bliana 1916. I gcomhar le RTÉ, tá an Chomhairle Ealaíon ag obair i gcomhpháirt le Cumann Náisiúnta na gCór agus le Music Generation.
GAIRMEACHA OSCAILTE
An 6 Lúnasa, d’fhógair Heather Humphreys TD, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, na naoi dtionscadal a roghnaíodh le haghaidh Dhámhachtainí na nGairmeacha Oscailte. Is iad seo a leanas na tionscadail sin:
CoisCéim / Anu Productions – THESE ROOMS
Cruthóidh Téatar Damhsa CoisCéim agus Anu Productions léiriú beo agus suiteáil scannáin lena gcorpraítear damhsa, amharclannaíocht agus na hamharcealaíona atá bunaithe ar theagmhas stairiúil a tharla ar Shráid an Rí Uachtarach, Baile Átha Cliath, mí Aibreáin 1916.
Fearghús Ó Conchúir – The Casement Project
Cruthóidh an cóiréagrafaí Fearghus Ó Conchúir léiriú ar stáitse, féile dhamhsa, scannán damhsa, siompóisiam acadúil agus sraith deiseanna rannpháirtíochta bunaithe ar shaol Roger Casement.
Garrett Phelan – HEED
Is saothar fuaime poiblí é seo a dhéanfaidh an t-ealaíontóir Garrett Phelan i gcomhar le grúpaí daoine óga atá bunaithe i mBaile Átha Cliath agus le tacaíocht ó sholáthraithe seirbhísí sóisialta.
Áras na Scríbhneoirí – A Poet’s Rising
Léirithe taifeadta ar dhánta úra le Jessica Traynor, Thomas McCarthy, Paul Muldoon, Nuala Ní Dhomhnaill, Eiléan Ní Chuilleanáin, Theo Dorgan, agus scór bunúil arna chumadh ag Colm Mac Con Iomaire ag gabháil leo.
Lorcán Mac Mathúna – 1916 – Visionaries and their words
Sraith amhrán atá bunaithe ar scríbhneoireacht agus ar idéil cheannairí Éirí Amach na Cásca. Cuirfear i láthair iad ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2016 agus ag Féile Thraidisiúnta Bharra an Teampaill.
Performance Art Live Foundation – Future Histories
Imeacht beo ealaíne agus físeáin ó éirí go luí na gréine le 16 ealaíontóir Éireannacha a bhfuil moladh faighte acu ag Príosún Chill Mhaighneann.
An tIonad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn – Saothar Coimisiúnaithe ó Willie Doherty
Saothar físeáin úr le Willie Doherty, a taifeadadh i nDún na nGall agus i mBaile Átha Cliath agus ina ndéantar scrúdú ar oidhreacht Éirí Amach na Cásca 1916.
Rita Duffy – The Souvenir Shop
Cruthóidh Rita Duffy siopa i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath a bheidh líonta le gnáthearraí laethúla, agus í ag déanamh scrúdú ar an dóigh a bhfuil íomhánna, earraí agus téamaí an Éirí Amach 1916 in úsáid mar mhíreanna cuimhneacháin anois.
Sarah Browne agus Jesse Jones – In the Shadow of the State
Comhoibriú idir Sarah Browne agus Jesse Jones, amharcealaíontóirí, ina ndéantar iniúchadh ar a bheith ina stát ó dhearcadh colainn mná de.
Téigh chuig http://www.artscouncil.ie/ga/programme/ le tuilleadh faisnéise a fháil