Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an spriocdháta don Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa, 2020
 |
Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach don chéad bhabhta eile den Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa an 10 Márta. Is é spriocdháta na scéime 5.30 pm Déardaoin, 9 Aibreán 2020. Glacfar le hiarratais ar shuíomh gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle Ealaíon.
Is é cuspóir na Scéime Cónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa cobhsú a dhéanamh ar líonra ealaíontóirí cónaitheacha damhsa ar fud na tíre agus tacú leo. Déanfaidh an t-ealaíontóir damhsa ábhar sonrach an chláir oibre a dhearadh i gcomhar leis an ionad agus leis an údarás áitiúil.
Is iad seo aidhmeanna na scéime:
- damhsa gairmiúil agus damhsa sa phobal a chobhsú in áiteanna éagsúla ar fud na réigiún;
- deiseanna a sholáthar d’ealaíontóirí damhsa ar fud na tíre páirt a ghlacadh i gclár oibre ealaíonta a bheidh ábhartha ó thaobh a gcleachtas féin;
- deiseanna a sholáthar d’údaráis áitiúla agus d’ionaid cleachtas damhsa a fhorbairt ina gceantair féin;
- forbairt pleanála fadtéarmaí agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí neamhspleácha damhsa a spreagadh.
Féadfaidh ealaíontóirí damhsa gairmiúla, ionaid tionóil nó údaráis áitiúla cur isteach ar an scéim seo. Ní mór d’iarratasóirí tacaíocht thiomanta a léiriú ó ionad tionóíl amháin agus údarás áitiúil amháin ar a laghad, nó meitheal d’ionaid tionóil agus d’údaráis áitiúla
Foilsíodh treoirlínte na scéime sa chuid maidir le maoiniúatá ar fáil dár suíomh gréasáin.
 |
|