Iontráil Nuachtlitir Mhí Eanáir 2022
Beidh sraith clinicí maoinithe amharclainne á reáchtáil ag an bhFoireann Amharclannaíochta thar Zoom i mí Eanáir agus mí Feabhra mar go bhfuil roinnt deiseanna maoinithe ag teacht aníos sa chéad ráithe de 2022. Seo iad a leanas na clinicí a bheimid a chur i láthair agus na topaicí a chlúdóimid:
- Déardaoin 6 Eanáir 11:00-12:00 - Camchuairt agus Scaipeadh Saothair
- Dé Céadaoin 19 Eanáir 11:00-12:00 - Scéim Lúfaireachta, Sparánachta, Markievicz agus Amharclannaíochta
- Dé Céadaoin 26 Eanáir 11:00-12:00 - Maoiniú Deontais do na hEalaíona
- Déardaoin 10 Feabhra 11:00-12:00 - Tionscadail, Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Amharclannaíochta, Scéim Acmhainní & Forbartha Amharclainne
Tabharfar léargas ginearálta ag gach clinic ar an mBeartas Amharclannaíochta, struchtúr maoinithe na Comhairle Ealaíon, agus conas iarratas maith a dhéanamh. Seol RSVP chuig Katie ag katie.walsh@artscouncil.ie agus seol ar aghaidh aon cheisteanna a bheidh agat roimh ré.
|