An bhfuil maoiniú á lorg agat le haghaidh tionscadail i gcomhar le comhpháirtithe Eorpacha eile?
 |
Is éTacaíocht do Thionscadail um Chomhar Eorpach an príomhshruth maoinithe de chuid na hEorpa Cruthaithí le haghaidh tionscadail ealaíona agus tionscadail chultúrtha. Táthar ag súil go bhfoilseofar an glaoch ar iarratais sa tríú ráithe de 2018 agus meastar gur roimh dheireadh na bliana a bheidh an spriocdháta. Beidh ceardlann againn faoi na hiarratais san Fhómhar. Déan teagmháil linn chun comhairle a fháil faoi do thogra sula gcuireann tú iarratas isteach toisc gur féidir linn cabhrú leat lántairbhe a bhaint as d'iarratas. Táimid ar fáil chun cabhrú leat! R-phost: cedculture@artscouncil.ie Guthán: 01 6180200. Is féidir leat féachaint anseo chun teacht ar thograí atá idir lámha faoi láthair agus ar thograí rathúla a raibh iarratasóirí Éireannacha bainteach leo.
An tacaíocht a thugann an Chomhairle Ealaíon do thograí de chuid na hEorpa Cruthaithí: Féadann eagraíochtaí ealaíon cur isteach ar an ngradam Taisteal agus Oiliúint, ó shraith na hEorpa Cruthaithí de chuid na Comhairle Ealaíon, i gcomhair costais a bhaineann le bualadh le comhpháirtí. Cuireann an Chomhairle Ealaíon comhchiste ar fáil anois d’eagraíochtaí a n-éiríonn leo i sraith maoinithe na dTionscadal um Chomhar.
 |
|