San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán Mhí Feabhra dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Féile Nuacheoil Bhaile Átha Cliath 2017 sa Mhárta le Thomas Adès agus Gerald Barry ina bun
Cinntí Scéim na bhFoilseachán/Teideal ar Theideal 2017
The Reader’s Voice
Táthar ag díriú ar Chumadóirí Éireannacha le tréchleas mórghradam
Deontais agus Dámhachtainí
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Babhta 2 de Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí 2017
An chéad spriocdháta eile do Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis – 5:30 pm, Déardaoin, an 6 Aibreán 2017
Scéim Ensembles na nÓg 2017
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon spriocdháta i gcomhair na Gairme Oscailte 2017
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon na spriocdhátaí le haghaidh scéimeanna sa Damhsa agus sa Téatar
Nuacht ón bPobal
An babhta coimisiúnaithe le haghaidh ‘ilDÁNA’
Gairm d’Ealaíontóirí le haghaidh New Voices of Ireland
Tograí á lorg ag an gClár Beyond Borders de chuid an PRS for Music Foundation ó eagraíochtaí agus grúpaí atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus i bPoblacht na hÉireann
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Fhochlár Cultúir na hEorpa Cruthaithí
Comhairliúchán Poiblí
Gairm oscailte do scríbhneoirí damhsa faoi bhláth chun athbhreithniú a dhéanamh ar thaibhithe Fhéile Spring Forward 2017 in Aarhus, an Danmhairg ón 28-30 Aibreán.
Tabhair cuireadh don Oifig Cultúir labhairt ag d’imeacht
An chéad spriocdháta eile do Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis – 5:30 pm, Déardaoin, an 6 Aibreán 2017

Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis na Comhairle Ealaíon ná Déardaoin, an 6 Aibreán 2017 ag 5.30 pm. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 7 Márta 2017 ar aghaidh.


Is é cuspóir Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis tacaíocht a thabhairt do thionscadail taifeadta sna healaíona traidisiúnta, nó do thionscadail taifeadta ina mbeidh lucht na n-ealaíon traidisiúnta ag saothrú i gcomhar le lucht foirmeacha eile ealaíne agus do thionscadail atá bunaithe ar shaothar a fhoilsiú amhail ábhair teagaisc, bailiúcháin fonn agus saothar léirmheastóireachta atá ag teacht le beartas na Comhairle Ealaíon i leith na n-ealaíon traidisiúnta.

 

Tabharfar tús áite do thionscadail lena léirítear:

=    Aird ar chaighdeán ealaíonta

=    Nuálaíocht

=    Tairbhe shuntasach do phobal na n-ealaíon traidisiúnta.

 

Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair, do ghrúpaí, d’ensembles agus d’eagraíochtaí


Tá Treoirlínte Dámhachtana le haghaidh Dámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis foilsithe sa rannán maoiniú atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin.


Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór don iarratasóir a bheith cláraithe le suíomh na seirbhísí ar líne sula ndéanfar iarratas. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh cláraithe roimh iarratas a dhéanamh.
Newsletter Marketing Powered by Newsweaver