The Arts Council Website
San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Eanáir dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Ceapacháin: Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht le haghaidh 2022
Cuireadh chun tairisceana le haghaidh seirbhísí comhairliúcháin éascaithe agus léargais
Maoiniú Sorcais, Ealaín Sráide agus Seónna i gcomhair 2022 Athbhreithniú 2022 ar Chlár Maoinithe agus Clinic Dhámhachtain Sparánachta - Déardaoin 20 Eanáir ar líne - ag 11am
Glao Oscailte ar Léiriú Spéise
Iontráil Nuachtlitir Mhí Eanáir 2022
Deontais agus Dámhachtainí
Seoladh Clár Cónaitheachta na Comhairle Ealaíon - Scéim um Thionscnaimh Chónaitheachta Idirnáisiúnta
Dámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis, an chéad spriocdháta eile – 5.30 p.m., Déardaoin, an 17 Feabhra 2022
Fógra maidir le Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa 2022
Dámhachtain na Cuntaoise Constance de Markievicz
Nuacht ón bPobal
Deacrachtaí Teanga á Sárú + Uirlisí Rannpháirtíochta
AN PODCHRAOLADH THE SHAKING BOG Clár 6: GEIMHREADH 2 - Podchraoladh na Féil
Scoileanna Ildánacha
Scoileanna Ildánacha 2022
Arts Council RSS
Cartlann
Déan Teagmháil linn

Spriocdháta le haghaidh nuachta agus tuairimí.

Dé Céadaoin, 26 Eanáir

 

.

.

.

 .

.

.

.

.

editor@artscouncil.ie

Liostáil

 

Liostáil

Nascanna Úsáideacha

Comhairle Ealaíon Leathanach baile

Foireann na Comhairle Ealaíon

Baill na Comhairle Ealaíon

cinntí déanaí

Nuacht na míosa seo
Ceapacháin: Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht le haghaidh 2022

Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon Ceapacháin mar Scríbhneoir Cónaithe agus Comhaltacht a fhógairt le haghaidh 2022.



Léigh a thuilleadh >>




Cuireadh chun tairisceana le haghaidh seirbhísí comhairliúcháin éascaithe agus léargais

Is é aidhm na tairisceana seo tacaíocht a thabhairt don Chomhairle Ealaíon le linn ár n-ullmhúcháin don phlean nua trí bliana mar chuid dár straitéis Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh. Is é an 14 Eanáir an spriocdháta le haghaidh iarratas.



Léigh a thuilleadh >>




Maoiniú Sorcais, Ealaín Sráide agus Seónna i gcomhair 2022 Athbhreithniú 2022 ar Chlár Maoinithe agus Clinic Dhámhachtain Sparánachta - Déardaoin 20 Eanáir ar líne - ag 11am

Tá fócas an chlinic seo ar chleachtóirí, léiritheoirí agus gairmithe Sorcais, Ealaíona Sráide agus Seónna a bhfuil sé ar intinn acu cur isteach ar chlár maoinithe na Comhairle Ealaíon le linn 2022.  Cuimseofar eolas ginearálta maidir le hiarratas a dhéanamh ar mhaoiniú CSAS ón gComhairle Ealaíon sa seisiún, mar aon le léargas ar chláir mhaoinithe a bheidh ar fáil in 2022.  



Léigh a thuilleadh >>




Glao Oscailte ar Léiriú Spéise

Fógraíonn Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon Glao Oscailte ar Léirithe Spéise le haghaidh an 18ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta, La Biennale di Venezia, 2023.



Léigh a thuilleadh >>




Iontráil Nuachtlitir Mhí Eanáir 2022

Beidh sraith clinicí maoinithe amharclainne á reáchtáil ag an bhFoireann Amharclannaíochta thar Zoom i mí Eanáir agus mí Feabhra mar go bhfuil roinnt deiseanna maoinithe ag teacht aníos sa chéad ráithe de 2022.



Léigh a thuilleadh >>

Deontais agus Dámhachtainí
Seoladh Clár Cónaitheachta na Comhairle Ealaíon - Scéim um Thionscnaimh Chónaitheachta Idirnáisiúnta

Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon seoladh ár gcláir nua phíolótaigh, Scéim um Thionscnaimh Chónaitheachta Idirnáisiúnta, a fhógairt le haghaidh 2022. Beidh deis ag iarrthóirí cur isteach ar an scéim ón 8 Márta 2022.



Léigh a thuilleadh >>




Dámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis, an chéad spriocdháta eile – 5.30 p.m., Déardaoin, an 17 Feabhra 2022

Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis na Comhairle Ealaíon, Déardaoin, an 17 Feabhra 2022 ar 5.30 p.m. Féadfar iarratas a dhéanamh ón Luan, an 18 Eanáir 2022 ar aghaidh.



Léigh a thuilleadh >>




Fógra maidir le Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa 2022

Fáilteofar roimh iarratais le haghaidh babhta nua de Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa ón 25 Eanáir agus beidh an spriocdháta ar an 24 Feabhra ar 5.30pm.

Is é is cuspóir leis an Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa seo ná cobhsú a dhéanamh ar líonra ealaíontóirí cónaitheacha damhsa ar fud na tíre agus tacú leo. Tá an scéim dírithe go sonrach ar ealaíontóirí damhsa ag obair i gcomhpháirt le hionad ealaíon, le féile agus/nó le húdarás áitiúil (tá údarás áitiúil éigeantach do shnáithe 1).  Baineann dhá shnáithe leis an scéim seo.



Léigh a thuilleadh >>




Dámhachtain na Cuntaoise Constance de Markievicz

Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas: 5.30 p.m., Déardaoin, an 10 Feabhra 2022

Beifear ag glacadh le hiarratais ón Máirt, an11 Eanáir 2022.



Léigh a thuilleadh >>

Nuacht ón bPobal
Deacrachtaí Teanga á Sárú + Uirlisí Rannpháirtíochta

Mother Tongues ag tairiscint dhá dheis san fhorbairt ghairmiúil d’ealaíontóirí agus do bhainisteoirí ealaíon atá ag obair i gcomhthéacsanna idirchultúrtha.

 

I measc na dtéamaí a pléadh tá straitéisí cumarsáide i gcomhthéacsanna idirchultúrtha, ag obair i dtreo athrú sóisialta bunathraithe trí mhachnamh a dhéanamh ar fhéiniúlacht, ar dhifríocht agus ar choimhlint.

 

Is fiontar sóisialta é Mother Tongues leis an sprioc chun spásanna a fhorbairt ina gcothaítear muintearas agus a chomórtar féiniúlachtaí teanga agus cultúrtha trí oideachas agus na healaíona.



Léigh a thuilleadh >>




AN PODCHRAOLADH THE SHAKING BOG Clár 6: GEIMHREADH 2 - Podchraoladh na Féil

Cuireann The Shaking Bog fáilte romhat éisteacht le heipeasóid de phodchraoladh thar a bheith speisialta -  https://www.shakingbog.ie/updates/winter-2 - a bhreathnaíonn siar ar a fhéile i mhí Mheán Fómhair. Blaiseadh beag is ea é an podchraoladh, le montáis sleachta as clár na féile de na rudaí a tharla thar an deireadh seachtaine bríomhar draíochta sin. Chruinnigh grúpa breá ealaíontóirí agus nádúraithe i nGleann Crí, Contae Chill Mhantáin chun filíocht, prós, ealaín, ceol, scannáin, comhrá, ceardlanna agus rianta dúlra a roinnt lena chéile. Ceiliúradh croíúil ar an ailceimic a tharlaíonn nuair a nascann ealaín agus nádúr le chéile. Tá súil againn go léiríonn an eipeasóid seo teas, fuinneamh agus spiorad na féile.



Léigh a thuilleadh >>


Scoileanna Ildánacha
Scoileanna Ildánacha 2022

Is díol ríméid do Scoileanna Ildánacha deis iontach a fhógairt do scoileanna/ionaid iarratas a dhéanamh le bheith rannpháirteach sa tionscnamh. Féadfaidh scoileanna/ionaid iarratas a chur isteach ón 29 Márta ar aghaidh agus is é an spriocdháta ná 17:30, Déardaoin 2 Meitheamh 2022. 

Beidh tuilleadh sonraí ar fáil ar líne san Earrach.



Léigh a thuilleadh >>