Deacrachtaí Teanga á Sárú + Uirlisí Rannpháirtíochta
Tá Mother Tongues ag tairiscint dhá dheis san fhorbairt ghairmiúil d’ealaíontóirí agus do bhainisteoirí ealaíon atá ag obair i gcomhthéacsanna idirchultúrtha.
I measc na dtéamaí a pléadh tá straitéisí cumarsáide i gcomhthéacsanna idirchultúrtha, ag obair i dtreo athrú sóisialta bunathraithe trí mhachnamh a dhéanamh ar fhéiniúlacht, ar dhifríocht agus ar choimhlint.
Is fiontar sóisialta é Mother Tongues leis an sprioc chun spásanna a fhorbairt ina gcothaítear muintearas agus a chomórtar féiniúlachtaí teanga agus cultúrtha trí oideachas agus na healaíona.
Léigh a thuilleadh >>
AN PODCHRAOLADH THE SHAKING BOG Clár 6: GEIMHREADH 2 - Podchraoladh na Féil
Cuireann The Shaking Bog fáilte romhat éisteacht le heipeasóid de phodchraoladh thar a bheith speisialta - https://www.shakingbog.ie/updates/winter-2 - a bhreathnaíonn siar ar a fhéile i mhí Mheán Fómhair. Blaiseadh beag is ea é an podchraoladh, le montáis sleachta as clár na féile de na rudaí a tharla thar an deireadh seachtaine bríomhar draíochta sin. Chruinnigh grúpa breá ealaíontóirí agus nádúraithe i nGleann Crí, Contae Chill Mhantáin chun filíocht, prós, ealaín, ceol, scannáin, comhrá, ceardlanna agus rianta dúlra a roinnt lena chéile. Ceiliúradh croíúil ar an ailceimic a tharlaíonn nuair a nascann ealaín agus nádúr le chéile. Tá súil againn go léiríonn an eipeasóid seo teas, fuinneamh agus spiorad na féile.
Léigh a thuilleadh >>
|
Scoileanna Ildánacha 2022
Is díol ríméid do Scoileanna Ildánacha deis iontach a fhógairt do scoileanna/ionaid iarratas a dhéanamh le bheith rannpháirteach sa tionscnamh. Féadfaidh scoileanna/ionaid iarratas a chur isteach ón 29 Márta ar aghaidh agus is é an spriocdháta ná 17:30, Déardaoin 2 Meitheamh 2022.
Beidh tuilleadh sonraí ar fáil ar líne san Earrach.
Léigh a thuilleadh >>
|
|