Uimhir Thagartha an Phoist: MGSO19
Ceapfaidh Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma Oifigeach Forbartha Music Generation a bheidh freagrach as clár oideachais fairsing um thaibhiú ceoil a bhainistiú thar ceann na Comhpháirtíochta Oideachais Ceoil i Sligeach.
Tá Music Generation Shligigh mar chuid de Music Generation – Clár Oideachais Ceoil Náisiúnta na hÉireann, atá á chómhaoiniú ag U2, ag The Ireland Funds, ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus ag Comhpháirtíochtaí Oideachais Ceoil Áitiúla.
Conradh ar théarma seasta, cúig bliana (€46,771 – €57,157)
Tá foirm iarratais, tuairisc ar an bpost agus sonraíocht faoin bpearsa ar fáil ar líne ag – www.msletb.ie
Ní ghlactar ach le hiarratais a dhéantar le Foirm Iarratais Bhord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma agus a chuirtear isteach ar ríomhphost chuig : employment@msletb.ie amháin.
Tá sé ríthábhachtach Uimhir Thagartha an Phoist a chur in ábhar an ríomhphoist.
Is é an dáta deiridh a ghlacfar le foirmeacha iarratais comhlánaithe: 12 meán lae, Dé hAoine, 7 Meitheamh
Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.
Bunaithe ar an líon iarratas a fhaightear, d’fhéadfaí gearrliostú a dhéanamh. Déanfar gearrliostú bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil ar an bhfoirm iarratais. Ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí na n-iarrthóirí, d’fhéadfadh tairseacha an ghearrliostaithe a bheith i bhfad níos airde ná na caighdeáin bhunúsacha arna leagan amach.
Fostóir comhionannas deiseanna is ea Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh, Liatroma.