ilDÁNA 2020 / 2021
Tá ríméad ar TG4 agus ar an gComhairle Ealaíon séasúr nua den scéim faisnéise ealaíon, ilDÁNA a fhógairt.
Léigh a thuilleadh >>
Próiseis comhairliúcháin phoiblí maidir le Beartas Náisiúnta nua ar Ailtireacht.
Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta tar éis tús a chur le próiseis comhairliúcháin phoiblí maidir le Beartas Náisiúnta nua ar Ailtireacht.
Léigh a thuilleadh >>
Faighteoirí Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí 2020
Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon faighteoirí Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí 2020 a fhógairt.
Tá deontais oiread agus €40,000 ar a mhéad á dtairiscint faoin scéim sin i dtreo costais reatha spásanna oibre amharc-ealaíontóirí. Tá sé d’aidhm ag an scéim tacaíocht a thabhairt do spásanna oibre ealaíontóirí ar fud na tíre chun an timpeallacht oibre is fearr agus is féidir a sholáthar d’amharc-ealaíontóirí agus, nuair is indéanta, leibhéal fóirdheontais a chumasú do na healaíontóirí a oibríonn sna spásanna sin.
Léigh a thuilleadh >>
Bailiúchán na Comhairle Ealaíon
Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuil 19 saothar nua curtha aici lena Bailiúchán a gheobhaidh lucht féachana ar fud na tíre deis a fheiceáil. Is iad na healaíontóirí a bhfuil a saothar curtha leis an mBailiúchán ná Sven Anderson, Eamon Doyle, Rachel Fallon, Ruth Le Gear, Marielle MacLeman, Vukašin Nedeljković, Séamus Nolan, Miriam O’Connor, Doireann O’Malley agus Vagabond Reviews.
Léigh a thuilleadh >>
Tionól Ginearálta Aosdána
Tionólfaidh Aosdána, an mheitheal ealaíontóirí cruthaitheacha in Éirinn, a Thionól Ginearálta Déardaoin, 7 Bealtaine 2020 in O’Reilly Hall, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Campas Belfield i gcomhpháirt le Coláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí agus Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta, COBÁC. Is é seo an 41ú Tionól Ginearálta d’Aosdána.
Léigh a thuilleadh >>
Tabhair Leat do Láinnéar Féin an 14 Feabhra. Comhdháil ‘Change Makers’
Comhpháirtíocht idir an Chomhairle Ealaíon agus Máistreacht in Ealaíona Féile (Ollscoil Luimnigh).
Léigh a thuilleadh >>
Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge 2020 DC
Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt gur ceapadh an scríbhneoir Ciara Ní É, mar Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge don bhliain acadúil 2020. Tá an post á chómhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).
Léigh a thuilleadh >>
Comhráití na hOíche Cultúir
Tá an Chomhairle Ealaíon chun sraith comhráití a chur ar siúl maidir leis an Oíche Chultúir sa Bhliain Nua, i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh.
Léigh a thuilleadh >>
Téacs Nuachtlitreach
Tá Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon ag tairiscint deis chónaithe iontach agus speisialta d’amharc-ealaíontóir gairmiúil.
Léigh a thuilleadh >>
Seoladh RAISE Céim 2 - glao ar léirithe spéise
Tar éis an chéad chéim den chlár nua tógáil cumais RAISE a sheachadadh, tá ríméad orainn a dheimhniú go bhfuil próiseas Léirithe Spéise le haghaidh Chéim 2 de RAISE ar oscailt anois.
Léigh a thuilleadh >>
|
|