Is cláir cónaitheachta a mhairfidh aon mhí amháin iad Back to Basics a bheidh ar siúl idir mí Iúil agus Mí Mheán Fómhair 2019 in Hämeenkyrö san Fhionlainn. Glactar le hiarratais ó gach disciplín don chónaitheacht seo.
Tá sé mar aidhm ag an gcónaitheacht seo deis a thabhairt d’ealaíontóirí a n-intinní a ghlanadh, díriú isteach ar a gcleachtas agus bunús a gcleachtais cruthaitheachta a (ath)aimsiú. Iarrtar ar na healaíontóirí tríd an gcónaitheacht seo sraith ceisteanna a chur orthu féin:
“Cad iad na príomhghnéithe agus na príomhsmaointe atá ann taobh thiar den obair a chruthaím?”
“Cad is cuspóir leis an obair atá idir lámha agam?”
“Cad a dhéanfaidh mé leis amach anseo?”
Iarrtar ar rannpháirtithe an chláir gan plean a ullmhú roimh an tionscadal ach teacht chuige le meon oscailte agus a gcuid ama a dhíriú ar an mbreathnóireacht, ar smaointe, ar chomhráite, ar an bhféinmhacnamh agus ar an bhforbairt fad is atá siad ar an gcónaitheacht.
Le tacaíocht ó struchtúr an chláir agus ó rannpháirtithe eile, cuireann Back to Basics diantaithí cónaitheachta ar fáil d’ealaíontóirí i bhfad ón ngnáthshaol laethúil agus an seachrán a bhaineann leis agus iad suite in áit shuaimhneach agus dúlra álainn thart orthu.
Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas an 10 Eanáir 2019. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin gcónaitheacht agus iarratas a chur isteach anseo.