An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta - 5.30pm, Déardaoin, an 16 Iúil 2015
 |
Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 16 Meitheamh 2015 ar aghaidh. Tá an Dámhachtain Sparánachta ar fáil do na cineálacha ealaíne seo a leanas: - Litríocht (Gaeilge agus Béarla)
- Téatar
- Na hEalaíona Traidisiúnta
- Na hAmharcealaíona
- Daoine Óga, Páistí agus Oideachas
agus - Sparánacht 16x16 – maoineofar sraith sparánachtaí speisialta le haghaidh ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn mar chuid de chlár na Comhairle Ealaíon le haghaidh Éire 2016
Tugann an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Sparánachta chun cabhrú le healaíontóirí aonair a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Dírítear leis an dámhachtain ar an luach agus ar an tairbhe a bhaineann ealaíontóir as tréimhse spriocdhírithe i mbun cleachtaidh. Tá treoirlínte maidir le gach dámhachtain foilsithe sa rannán, maoiniú atá ar fáil, ar ár suíomh gréasáin. Tabhair faoi deara Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras sin roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.
 |
|