Tá Music Network ag iarraidh Bainisteoir Airgeadais (páirtaimseartha) a cheapadh
Tá Music Network ag iarraidh Bainisteoir Airgeadais ag a bhfuil taithí a cheapadh le cuidiú leis an eagraíocht a cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach. Tá Tuairisc iomlán ar an bPost agus Faisnéis d’Iarrthóirí ar fáil anseo.
Iarrtar ar iarrthóirí ar suim leo cur isteach ar an bpost seo iarratas a dhéanamh tríd an dá mhír seo a leanas a sheoladh i ríomhphost chuig Andreas Ziemons ar: operations@musicnetwork.ie nó chuig Music Network, Foirgneamh an Cheolárais Náisiúnta, Ardán Earlsfort, Baile Átha Cliath 2.
- CV dhá leathanach ina léirítear do thaithí atá ábhartha don phost seo.
- Litir chumhdaigh leathanach amháin ina dtéitear i ngleic leis an deis atá ar fáil mar chuid den phost seo
Ní ghlacfar ach le hiarratas ina bhfuil CV agus litir chumhdaigh, de réir mar a shonraítear iad san Fhaisnéis d’Iarrthóirí, amháin.
Spriocdháta d'iarratais:
Dé hAoine, an 21 Márta 2019 ag a 12 meán lae.
|