Fáilte go heagrán mhí Eanáir de nuachtlitir na Comhairle Ealaíon
 |
In eagrán na míosa seo dár nuachtlitir cuirimid ár mbrón mór in iúl faoi bhás Phelim Donlon, le léiriú ómóis do dhuine tábhachtach, a raibh an-chion air i saol ealaíon na hÉireann.
Insímid duit faoi thionscnamh nua, arna threorú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Straitéis Náisiúnta Óige; tá an Chomhairle Ealaíon ag spreagadh aon eagraíochtaí ealaíon a oibríonn le daoine óga lena n-ionchur sa straitéis a éascú. Déanaimid comhghairdeas freisin le Gaillimh as bheith ina Cathair Scannán UNESCO.
Tá eolas ann faoi Bhabhta 2 dár scéim Féilte agus Imeachtaí, dátaí deiridh dár ngradaim Coimisiún agus Dámhachtain Deis agus tá lúcháir orainn a fhógairt go mbeidh Comhaltacht Jerome Hynes á tairiscint do 2015/16. Tá sonraí anseo chomh maith faoinár Sparánacht Litríochta agus faoi chlinicí a bheidh á reáchtáil againn roimh an spriocdháta.
Léigh faoi chlár forbartha nua Lucht Féachana na nEalaíon – an Clár Forbartha Lucht Féachana (Léiriú) 2015 Ag deireadh na nuachtlitreach faightear ailt ar an Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir.
 |
|