Dhá uair in aghaidh na bliana, cuireann an Chomhairle Ealaíon deontais ar fáil ionas go mbeidh ealaíontóirí agus pobail áite/spéise in ann dul i mbun oibre le chéile ar thionscadail.
Babhta 1: 19 Márta 2015 Babhta 2: 29 Meitheamh 2015
Tá an scéim á maoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus á bainistiú ag Create, an ghníomhaireacht náisiúnta forbartha i gcomhair na n-ealaíon comhpháirteach. Is féidir le healaíontóirí ó na foirmeacha ealaíne seo a leanas iarratas a dhéanamh ar an scéim: ailtireacht, sorcas, sráidealaíon agus seónna, damhsa, scannán, litríocht (i nGaeilge nó i mBéarla), ceol, ceoldrámaíocht, téatar, na hamharcealaíona agus ealaíona traidisiúnta. Is féidir na tionscadail a reáchtáil i réimse leathan comhthéacsanna sóisialta agus pobail, e.g. na healaíona agus an tsláinte; na healaíona i bpríosúin; na healaíona agus daoine scothaosta; na healaíona agus an éagsúlacht chultúrtha.
Is é aidhm na scéime comhoibriú bríoch a spreagadh idir pobail áite agus/nó spéise agus ealaíontóirí. Tá sé riachtanach go mbeadh comhphlé idir an t-ealaíontóir agus an grúpa pobail, sa chaoi is go mbeidh an dá dhream páirteach sa chinneadh maidir leis an gcineál tionscadail a bheidh i gceist. Ba cheart gur faoin ngrúpa a bheadh gach céim den phróiseas agus den saothar ealaíne. Is iomaí toradh a d’fhéadfadh a bheith ar chur i bhfeidhm an tionscadail.
Tá dhá chéim sa scéim seo:
Céim a hAon
Taighde agus Forbairt – oscailte d’ealaíontóirí ar mian leo taighde agus forbairt a dhéanamh ar thionscadal i gcomhthéacs pobail.
Taighde agus Forbairt/Meantóireacht – oscailte d’ealaíontóirí ar mian leo tionscadal a fhorbairt a bheidh bunaithe sa phobal agus a bhfuil meantóir is ealaíontóir aitheanta acu lena dteastaíonn uathu oibriú le linn na céime taighde agus forbartha.
Céim a Dó
Tionscadal a Chur i gCrích – ar oscailt do phobail spéise nó áite (nó a gcuid eagraíochtaí ionadaíocha) lena mbaineann ealaíontóir.