An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30 p.m., Déardaoin, 31 Eanáir 2019
 |
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Sparánachta na Comhairle Ealaíon Déardaoin, 31 Eanáir 2019
Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, 18 Nollaig 2018
Tá an Dámhachtain Sparánachta ar fáil do na cineálacha ealaíne seo a leanas:
- Ailtireacht
- Rannpháirtíocht sna hEalaíona
- Sorcas
- Damhsa
- Scannán
- Litríocht (Béarla)
- Ceol
- Ceoldrámaíocht
- Sráidealaín & Seónna
- Amharclannaíocht
- Na hAmharc-ealaíona
Tugann an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Sparánachta chun cabhrú le healaíontóirí aonair a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Dírítear leis an dámhachtain ar an luach agus ar an tairbhe a bhaineann ealaíontóir as tréimhse spriocdhírithe i mbun cleachtaidh.
Táirgfear an dara babhta den Dámhachtain Sparánachta i mBealtaine 2019 don Litríocht (Béarla agus Gaeilge), do na hEalaíona Traidisiúnta, do na hAmharc-ealaíona agus do DÓLO.
Tá treoirlínte maidir le gach dámhachtain foilsithe sa rannán, maoiniú atá ar fáil , ar ár suíomh Gréasáin.
Tabhair faoi deara
- Ní féidir iarratas a dhéanamh ach ar Dhámhachtain Sparánachta amháin i mbliain féilire amháin ar bith.
- Ní thig leat cur isteach ar Shraith 1 den Dhámhachtain Sparánachta in 2019 (spriocdháta an 31 Eanáir 2019) má bronnadh Dámhachtain Sparánachta ort faoi shraith a dó na bliana 2018 (spriocdháta an 12 Iúil 2018).
- Ní thig leat cur isteach ar Dhámhachtain Sparánachta in 2019 má bronnadh Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile ort in 2018.
Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras sin roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh cláraithe roimh iarratas a dhéanamh.
 |
|