Nuacht ó Lucht Féachana na nEalaíon
 |
Ceardlanna réamhiarratais don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair. Glacfar le hiarratais idir an 3 Samhain agus tús mhí na Nollag. Cláraigh anois le haghaidh ceardlanna réamhiarratais tríd an rogha nua SEIMINEÁR GRÉASÁIN. Tá na seisiúin ábhartha dóibh siúd a bhfuil iarratas déanta acu cheana, agus/nó a rinne camchuairt cheana, mar aon leo siúd a bhfuil iarratas á dhéanamh acu den chéad uair. Tá siad ceaptha freisin d’iarratasóirí atá tar éis a gcuid smaointe i leith an lucht féachana a fhorbairt. I ndiaidh dhá sheimineár Gréasáin ar éirigh leo i mbliana, reáchtálfaimid an dara ceardlann mar threoirsheimineár Gréasáin d’fhonn go mbeidh teacht ag gach duine sa tír uirthi. Fócas ar an Lucht Féachana – Lá Digiteach 2015, an 17 Nollaig in ionad Comhdhála na Clólainne, Caisleán Bhaile Átha Cliath? Cláraigh anois anseo http://artsaudiences.ie/focus-on-audiences-2015-on-december-17th-at-dublin-castle-express-interest-now/ chun spéis a léiriú ann. Beidh cur i láthair ar thorthaí na dtionscadal taighde gníomhaíochta, seisiúin de threoir theicniúil agus léargas ar fhorbairt lucht féachana san áireamh san imeacht lae seo do ghairmithe na n-ealaíon. Díreofar go géar in imeacht na bliana seo ar na meáin nua agus ar an tionchar atá acu. Beidh spásanna á ndáileadh againn ar an 15 Deireadh Fómhair. - Anuraidh tháinig 208 rannpháirtí ó 153 eagraíocht ealaíon le bheith inár gcuideachta. Chraolamar na seisiúin beo ar líne trí Google Hangout agus YouTube agus ba muidne ba mhó a bhí ag treochtáil in Éirinn ar Twitter. D’aontaigh 97% de na rannpháirtithe gur éirigh le Fócas ar an Lucht Féachana an sprioc a cuireadh roimhe a bhaint amach; is é sin gairmithe ealaíne a thabhairt le chéile chun eolas a roinnt. Dúradh, mar shampla, “Bhí an lá thar cionn agus bhí réimse breá cainteoirí ann a bhain le hábhar na n-ealaíon uile” agus “Bheinn thíos go mór leis mura mbeinn i láthair”.
 |
|