Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Gairmeacha Oscailte chuig ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne na hÉireann chun tionscadail chomhoibritheacha cheannródaíocha a chruthú a bhfuil uaillmhian, tionchar agus scála ag baint leo a spreagann plé, agus a ghríosaíonn nó a thugann freagra i dtaca le háit agus féiniúlacht mar chuid d’Éire na linne seo
Is clár é Gairmeacha Oscailte d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíne chun a gcleachtas a fhorbairt agus a athrú ó bhun agus aird a tharraingt ar a saothar ar scála náisiúnta, agus ealaín ag a bhfuil próifíl ard a bheidh lárnach do shaol daoine a chruthú.
Is é cuspóir na dámhachtana ná tacú le tionscadail a chomhlíonann na critéir seo a leanas:
- Tograí atá misniúil agus a théann sa tseans sa réimse cruthaitheach agus a fhéachann le huaillmhian an ealaíontóra a fhorbairt.
- Tograí a spreagann plé, agus a ghríosaíonn nó a thugann freagra i dtaca le háit agus féiniúlacht mar chuid d’Éire na linne seo.
- Tograí ag a bhfuil fianaise ar chleachtais chomhoibríocha idir foirmeacha ealaíon agus réimsí cleachtais foirmeacha ealaíne (tras-foirmeacha ealaíne)
- Tograí ina dtéitear sa tóir ar/ina gcruthaítear deiseanna nua le hobair a dhéanamh/comhoibriú i gcríocha nua de chleachtas ealaíne.
- Tograí lena síneofar tionchar agus torthaí tionscadail, le cur chuige úr agus dinimiciúil i dtreo rannpháirtíocht an phobail. Sa chomhthéacs seo, d’fhéadfadh go dtagródh rannpháirtíocht an phobail do rannpháirtithe agus/nó lucht féachana.
- Tograí a bhunaíonn agus a léiríonn comhpháirtíochtaí tionscadail éifeachtacha, ar féidir gné idirnáisiúnta iomráiteach i dtéarmaí sofheictheacht phoiblí agus comhpháirtíochtaí acmhainní-bhunaithe a bheith mar chuid díobh
Déanfar an próiseas iarratais do Ghairmeacha Oscailte thar thrí chéim:
- Céim 1 Léiriú Spéise – Déanfaidh Coiste Feidhmiúcháin na Comhairle Ealaíon measúnú ar thograí tionscadail, agus cuirfear gearrliosta de thionscadail iarrthóirí le chéile agus tabharfar cuireadh dóibh tuilleadh eolais a chur isteach i gcomhair chéim 2.
- Céim 2 Togra Tionscadail Mionsonraithe – tabharfar cuireadh dóibh siúd ar cuireadh a gcuid tograí ar an ngearrliosta tuilleadh sonraí a chur isteach faoina bhfuil beartaithe acu le haghaidh giúiré idirnáisiúnta. Roghnóidh an Giúiré Idirnáisiúnta gearrliosta deiridh laghdaithe i gcomhair agallaimh i gcéim 3.
- Céim 3 Cur i láthair agus Agallamh – Iarrfar ar na hiarrthóirí sin a roghnófar freastal ar agallamh agus cur i láthair a dhéanamh don Ghiúiré Idirnáisiúnta. (Is é an giúiré céanna a bheidh ann le haghaidh céim 2 & 3)
Is le haghaidh tionscadal a thosófar in 2020 agus a chríochnófar in 2020 nó 2021 Gairmeacha Oscailte 2020
Glacfar le hiarratais i gcomhair Céim 1 ón: 25 Meitheamh 2019
Spriocdháta d’iarratais faoi Chéim 1: 25 Iúil 2019
Beidh Céim 2&3 de Ghairmeacha Oscailte ar siúl i ráithe deiridh na bliana 2019 agus foilseofar sonraí maidir leis na céimeanna seo in am trátha.
Reáchtálfar clinicí ina leagfar amach an próiseas iarratais i dtreo dheireadh mhí an Mheithimh/go luath i mí Iúil.
Seol ríomhphost chuig Gillian.Drew@artscouncil.ie más spéis leat freastail ar cheann amháin de na clinicí seo.