Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe
Spriocdháta d’Iarratais: 31 Iúil 2015 Scoil: An Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta Cineál Conartha: Conradh páirtaimseartha ar théarma seasta.
1 Deireadh Fómhair 2015 - 30 Meán Fómhair 2016
Tugtar cuireadh d’ealaíontóirí traidisiúnta cruthanta agus iomráiteacha (ceoltóirí, amhránaithe, damhsóirí) iarratas a dhéanamh ar an gcónaitheacht thuasluaite, atá á cómhaoiniú ag Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh) agus ag an gComhairle Ealaíon. Déanfar an ról a thairiscint don tréimhse idir Deireadh Fómhair 2015 agus Meán Fómhair 2016.
Cuirfidh an té a cheapfar comhairle ar ealaíontóirí traidisiúnta i bpobal na hollscoile agus déanfaidh sé/sí meantóireacht orthu. Beidh sé cinn d’uaireanta teagmhála sa tseachtain i gceist i bhfoirm ceardlann, seimineár, agus comhairliúcháin i rith na dtéarmaí ollscoile. Seinnfidh an té a cheapfar ag dhá cheolchoirm phoiblí agus beidh baint aige/aici le comhthionscadal idir an fhoireann agus na mic léinn a chuirfidh ábhar ealaíonta bunaidh os comhair an tsaoil mhóir. I rith laethanta saoire na hollscoile beidh an té a cheapfar in ann a c(h)uid tionscadal féin a chur i gcrích gan aon chur isteach.
Conas iarratas a dhéanamh:
Ba cheart iarratais a sheoladh mar cheangaltán le ríomhphost faoin 31 Iúil 2015. Iarrtar ar iarrthóirí litir iarratais mar aon le CV ina bhfuil sonraí a bhaineann le hábhar ar léirithe, ar fhoilseacháin (lena n-áirítear dlúthdhioscaí, DVDanna etc), agus ar ghradaim chuig Mary Mitchell-Ingoldsby, an Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh mmitchell@music.ucc.ie. Ba cheart d’iarrthóirí aghaidh a thabhairt ar na nithe seo a leanas ina litir iarratais freisin:
Tabhair breac-chuntais ar na scileanna agus ar an taithí ábhartha a thabharfaidh tú chuig an bpost mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe.
Déan cur síos ar na bealaí a gcuirfidh tú le forbairt chleachtas na n-ealaíon traidisiúnta san ollscoil.
Déan cur síos ar na bealaí a bhforbróidh tú do chleachtas ealaíne féin i rith na cónaitheachta.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Mary Mitchell-Ingoldsby má tá tuilleadh eolais uait ar shonraí, ar chúrsaí airgeadais nó má theastaíonn uait fiosrúcháin neamhfhoirmiúla a dhéanamh.
Is i gCorcaigh a thionólfar na hagallaimh go luath i mí Mheán Fómhair.