An Straitéis Náisiúnta Óige
 |
Tá an chéad chéim de chomhairliúchán i gcomhair na Straitéise Náisiúnta Óige ar bun. Tá an tionscnamh á threorú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Is mian leis an gComhairle Ealaíon aon eagraíochtaí ealaíon atá ag obair leis an óige a spreagadh chun a n-ionchur i bhforbairt na straitéise a éascú. Lorgaítear tuairimí daoine óga sa chomhairliúchán seo ar réimse saincheisteanna, agus tugtar deis dóibh réimsí spéise agus tábhachta a thabhairt le fios, lena n-áirítear a rannpháirtíocht sna healaíona. Seoladh Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile, Creatlach an Pholasaí Náisiúnta do Leanaí agus do Dhaoine Óga in Aibreán 2014. Seo é an chéad Chreatlach do Pholasaí Náisiúnta a théann ó aoiseanna 0-24 (i gcomhair tuilleadh faisnéise maidir le Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile feic: http://www.dcya.gov.ie/viewdoc.asp?DocID=3146&StartDate=1+January+2014&UserLang=GA ). Tá an Straitéis Náisiúnta Óige á forbairt faoin gCreatlach do Pholasaí Náisiúnta uileghabhálach seo, arna fhorbhreathnú ag Meitheal na Straitéise Náisiúnta Óige. Tá Foireann Tionscadail, faoi stiúir na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige i bhfeidhm chun an Straitéis Náisiúnta Óige a fhorbairt. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gcaoi ar féidir le daoine óga agus ceannairí ealaíon don óige a bheith rannpháirteach sa chomhairliúchán, feic: NASC
Beidh an comhairliúchán ar líne ar oscailt go dtí an 23 Eanáir 2015. Sainscagfar na torthaí agus úsáidfear iad mar bhonn eolais do chomhairliúcháin duine le duine le daoine óga agus le páirtithe leasmhara lárnacha a bheidh ar siúl ag tús 2015. Cuideoidh na torthaí chomh maith le forbairt na Straitéise Náisiúnta Óige trí na réimsí tosaíochta ar gá dul i ngleic leo sa Straitéis Náisiúnta Óige a shainaithint.
Clúdaíonn an Straitéis Náisiúnta Óige aoiseanna 10-24 agus tá an suirbhé ar líne oscailte do gach duine san aoisghrúpa seo. Ach is mian leis an gcomhairliúchán dul i ngleic go háirithe leo siúd idir 15-24 agus nach gcloistear uathu an-mhinic.
 |
|