Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon faighteoirí Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí 2020 a fhógairt.
Tá deontais oiread agus €40,000 ar a mhéad á dtairiscint faoin scéim sin i dtreo costais reatha spásanna oibre amharc-ealaíontóirí. Tá sé d’aidhm ag an scéim tacaíocht a thabhairt do spásanna oibre ealaíontóirí ar fud na tíre chun an timpeallacht oibre is fearr agus is féidir a sholáthar d’amharc-ealaíontóirí agus, nuair is indéanta, leibhéal fóirdheontais a chumasú do na healaíontóirí a oibríonn sna spásanna sin.
Gheobhaidh na stiúideonna i gCorcaigh, sa Chlár, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach, Lú, Maigh Eo agus Port Láirge deontais dar luach €260,000 ar an iomlán an chéad bhliain eile chun áiseanna agus soláthairtí riachtanacha a chothú d’amharc-ealaíontóirí.
Tabharfar maoiniú do 18 stiúideo/spás oibre ar an iomlán in 2020, lena gcuirtear saoráidí oibre ar fáil do 693 amharc-ealaíontóir ar leith ar fud na hÉireann.
Dámhachtainí Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí 2020
A4 SOUNDS Baile Átha Cliath €32,000
Artspace Studios Ltd Gaillimh €24,000
Backwater Artists Group Corcaigh €30,000
Block T Baile Átha Cliath €14,000
Cork Artists' Collective Ltd Corcaigh €10,000
Courthouse Studios and Gallery An Clár €4,000
Creative Spark Print Studio Lú €8,000
Custom House Studios Ltd Maigh Eo €15,000
Engage Art Studios Gaillimh €20,000
Goma Gallery of Modern Art Port Láirge €9,000
Interface Gaillimh €8,000
MART Baile Átha Cliath €30,000
Ormond Studios Baile Átha Cliath €7,000
Over the line Corcaigh €3,000
Sample Studios Corcaigh €30,000
Spacecraft Luimneach €4,000
The Darkroom Baile Átha Cliath €10,000
126 Artist-Run Gallery Gaillimh €2,000