Foilsiú na Tuarascála faoin Éagsúlacht agus Dámhachtainí na Comhairle Ealaíon 2020
 |
D’fhoilsíomar ár mBeartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht in 2019, lenar áiríodh plean gníomhaíochta trí bliana (2019 - 2021). Táimid tar éis gealltanas a thabhairt sa phlean trí bliana sin tuilleadh faisnéise a bhailiú faoi ealaíontóirí a chuireann isteach ar mhaoiniú agus a fhaigheann é. Tá córais nua i bhfeidhm againn le faisnéis a bhailiú faoin inscne, eitneachas agus míchumas, agus tuairiscímid ar na staitisticí sin ar bhonn bliantúil. Déanaimid amhlaidh le léargas soiléir a thabhair ar easnaimh nach bhfuilimid ag tabhairt aghaidh orthu agus le bearta nua a mhúnlú le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin.
D’fhoilsíomar tuarascáil le déanaí ina gcuimsítear sonraí a bailíodh i rith na bliana 2020. Tugtar sonraí sa tuarascáil seo orthu siúd go léir a rinne iarratas ar mhaoiniú agus fuair é ó fud ár ndámhachtainí aonair. Tugtar léargas inti freisin ar iarratasóirí ar scéimeanna speisialta a oibrítear thar ár gceann le tríú páirtithe: Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal arna bainistiú ag Create, agus Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais arna bainistiú ag Arts & Disability Ireland.
Le tuilleadh a léamh faoi na príomhthorthaí agus leis an tuarascáil iomlán a íoslódáil, féach http://www.artscouncil.ie/generic_content.aspx?id=43544
 |
|