San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Feabhra dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Anne Enright fógartha mar an chéad Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach 2015 - 2018
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Ensembles na nÓg 2015
An Dámhachtain um Léiriúchán Ceoldráma 2016
Dámhachtainí Tionscadail – spriocdháta 5.30 pm Déardaoin, an 19 Márta 2015
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon na spriocdhátaí le haghaidh scéimeanna sa Damhsa agus sa Téatar
Meabhrúchán: Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Babhta 2 de Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí 2015
Priocdhátaí i gcomhair Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal 2015
Lucht Féachana na nEalaíon Nuacht
Nuacht ó Lucht Féachana na nEalaíon
Nuacht ón bPobal
Nuacht ón bPobal
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
Dámhachtainí Tionscadail – spriocdháta 5.30 pm Déardaoin, an 19 Márta 2015

Déanfaidh an Chomhairle Ealaíon na dámhachtainí Tionscadail seo a leanas a thairiscint. Trí na Dámhachtainí Tionscadail de chuid na Comhairle Ealaíon, tacaítear le gníomhaíochtaí tionscadail ar leith maidir le gach foirm ealaíne agus gach cleachtas ealaíon thuas.

 

Is féidir na treoirlínte dámhachtana do gach dámhachtain a íoslódáil ón rannán maoiniú atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon.

Is é an spriocdháta maidir le gach ceann de na dámhachtainí thuas ná5.30 pm Déardaoin, an 19 Márta 2015.  Ní ghlacfar le hiarratais ach arshuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon agus ní mór an t-ábhar tacaíochta ar fad a sheoladh isteach ar líne. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras roimhe seo clárú roimh ré sula ndéanfaidh siad iarratas.  D’fhéadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula ndearbhófar do chuid clárúchán, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir. 


Cuirimid nuashonruithe agus cabhair ar fáil anois maidir le seirbhísí ar líne a úsáid trínár leathanach Facebook nua. Tá fáilte romhat teachtaireacht a sheoladh chugainn tríd an leathanach má theastaíonn cúnamh uait le seirbhísí ar líne agus iarratas á dhéanamh agat ar Dhámhachtain Tionscadail: http://www.facebook.com/artscouncilireland


Tá na dámhachtainí oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí. Ní bheidh eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú faoi aon cheann de phríomhchláir deontais na Comhairle Ealaíon (Eagraíochtaí a Mhaoinítear Go Rialta, Maoiniú Bliantúil, Deontas le haghaidh Clár Bliantúil) i dteideal cur isteach ar na dámhachtainí, áfach.

Email Newsletter Software by Newsweaver