Athbhliain faoi mhaise duit.
Tá ríméad orm a insint duit go ndéanfaidh an Chomhairle Ealaíon i gcomhpháirt leis an Máistreacht in Ealaíona Féilte, Ollscoil Luimnigh, óstáil ar an gcéad chomhdháil féilte Change Makers ar an Aoine, an 14 Feabhra 2020 ag an Acadamh Domhanda, Ollscoil Luimnigh.
Baileoidh lucht déanta féilte gairmiúla agus deonacha, ealaíontóirí, gníomhaireachtaí maoinithe, déantóirí beartas agus lucht acadúil le chéile ag an imeacht, dream a bhfuil leas dílsithe acu sa réimse seo chun cleachtais reatha a mhapáil/thomhas, líonrú a dhéanamh, agus measúnú a dhéanamh ar an méid a chuireann earnáil na bhféilte le saol cultúrtha Éireann na linne seo agus mar a thacaítear le tógáil cumais na bhféilte.
Beidh an déantóir féilte, Jude Kelly inár gcuideachta, bunaitheoir na féile Women of the World (WOW), iar-stiúrthóir Southbank Centre agus cumadóir amharclannaíochta, agus labhróidh sise faoin tionchar dar léi a bhíonn ag féilte agus an fiúntas a bhaineann leo i sochaí. Bhí an chéad Fhéile WOW ar siúl i Londain, ach bíonn sí ar siúl thar thrí mhór-roinn anois rud lena gcruthaítear líonra i 53 tír, fréamhaithe i scéalta na háite agus san áit, fianaise ar chumhacht chlaochlaithe na bhféilte.
Beidh an Dr Sarah Feinstein, Ánra Teagaisc ag Scoil na dTionscal Taibhithe agus Cultúrtha, Ollscoil Leeds, linn mar éisteoir chun a machnamh a dhéanamh ar thorthaí an lae, ar a spéiseanna taighde i leas sóisialta na rannpháirtíochta agus táirgeadh cultúrtha gluaiseachtaí sóisialta, rudaí ar fad a thabharfaidh léargas breá ar lá comhrá agus cur is cúitimh.
Beidh deis speisialta agus fiúntach ag féilte ealaíon teacht le chéile ag an gcomhdháil agus foghlaim óna chéile agus scileanna agus eolas a roinnt le chéile. Tá sé i gceist againn an lá seo a chur ar bun mar an chéad cheann i sraith thionscnamh chun tacú le hearnáil na bhféilte a bheith mar ardáin bhríomhara chun tacú leis an ealaíontóir rudaí a chruthú agus le lucht féachana sult a bhaint as na healaíona.
Tá tuilleadh sonraí maidir leis an gcomhdháil ar fáil anseo.
Le gach dea-ghuí le haghaidh 2020,
Orlaith McBride
An Stiúrthóir