Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon sonraí agus spriocdháta na Scéime Rannpháirtíochta san Ailtireacht 2018
 |
Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratas a dhéanamh ar Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht, 2018 ar an 8 Bealtaine 2018. Is é 5.30pm, Déardaoin an 7 Meitheamh 2018 an spriocdháta don scéim.
Is é cuspóir na Scéime Rannpháirtíochta san Ailtireacht tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh uaillmhianacha, nuálacha agus chruthaitheacha ar ardchaighdeán – e.g. taispeántais, imeachtaí, féilte agus cláir. Tá sé mar aidhm shonrach aici cur le taithí an phobail ar an ailtireacht agus a rannpháirtíocht léi. Aidhm eile na Scéime is ea gréasán ailtirí, coimeádaithe, ríomhchláraitheoirí ealaíon, féilte agus ionaid ealaíon sa réimse cleachtais seo a chruthú. Tabhair faoi deara go bhféadfaí iarraidh ar iarratasóirí a n-éiríonn leo a bheith rannpháirteach i dtionscadal taighde de chuid na Comhairle Ealaíon, chun sonraí a bhailiú maidir le rannpháirtíocht an phobail san ailtireacht.
Beidh na treoirlínte don scéim ar fáil faoin rannán maoiniú atá ar fáil ar an suíomh gréasáin sa seachtainí atá amach romhainn.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le justine.harrington@artscouncil.ie
 |
|