An Scéim um Chleachtas Amaitéarach agus Deonach
 |
Ba mhaith leis an gComhairle Ealaíon an Scéim Phíolótach um Chleachtas Amaitéarach agus Deonach a fhógairt. I straitéis na Comhairle Ealaíon aithnítear an ról sainiúil atá ag cleachtas ealaíon amaitéarach, an méid tábhachtach a chuireann sé le beogacht na n-ealaíon in Éirinn agus ceol, amharclannaíocht agus amharclannaíocht cheoil san áireamh, agus na tairbhí pearsanta, sóisialta agus ealaíonta éagsúla a bhaineann leis. Táirgtear an scéim phíolótach seo mar dheis aonuaire gnímh-taighde, agus féachann sí le rannpháirtíocht, meantóireacht agus abhcóideacht a fheabhsú idir earnálacha amaitéaracha agus gairmiúla na hamharclannaíochta, an cheoil agus na hamharclannaíochta ceoil.
Is í aidhm na dámhachtana ná tacú le heagraíochtaí acmhainne agus tacaíochta náisiúnta amaitéaracha agus/nó deonacha don amharclannaíocht agus don amharclannaíocht cheoil a fhorbraíonn, trí oibriú le healaíontóirí gairmiúla, scileanna taibhléirithe agus teicniúla na mball d’eagraíochtaí áitiúla trí hoiliúint, mheantóireacht nó smaointe nuálacha eile. Bítear ag súil léi go bhféadfaí cláir den sórt sin a eagrú agus a sholáthar ar bhonn lárnach. Bítear ag súil freisin go bhféadfaí na cláir sin a cheapadh mar chláir i bpearsa nó ar líne nó an dá rud.
Osclófar an dámhachtain an 13 Aibreán agus is é 6 Bealtaine ar 5:30 i.n. an spriocdháta. Is féidir teacht ar na Treoirlínte anseo.
 |
|